Máel Muad mac Brain

rí in Éirinn sa 10ú haois

Rí na Mumhan ba ea Maol Muadh mac Brain (Meán-Ghaeilge Máel Muad mac Brain) (bás 978), ón mbliain 959 b'fhéidir,[1] é sin nó 963, go dtí c. 970, nuair a chuir b'fhéidir Mathúin mac Cinnéide den Dál gCais as a gcoróin é. Sa bhliain 976, mharaigh sé Mathúin agus tháinig sé ar ais i gcoróin. Idir an dá linn, luaitear é sna foinsí mar rí na Deasmhumhan, ach bhíodh sé "i bhfreasúra" Mhathúna i rith a shaoil. Maraíodh é féin ag Cath Bealach Leachta i gcoinne deartháir Mhathúna, Brian Bóramha, sa bhliain 978.

Infotaula de personaMáel Muad mac Brain
Beathaisnéis
Breith10 haois
Bás978
Rí na Mumhan
959 – 978
← Donnchad mac CellacháinÍomhair Luimnigh, Mathgamain mac Cennétig → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanachta Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCian mac Máelmuaid Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Donnabhán mac Cathail príomh-chomhghuaillí Mhaoil Muadha sa Mhumhan, agus a bhuíochas dó go raibh a réimeas aige. De réir an dréachta, Cogad Gáedel re Gallaib, bhí comhaontas aige fosta le hÍomhar Luimnigh, a bhí b'fhéidir féin go sealadach ina rí na Mumhan.

Ba bhall d'Uí Echach MumanEoghanacht Raithlinn é Maol Muadh agus is sinsear é de chlann Uí Mhathúna.

Dlúthchara Bhriain ba ea a mhac Cian, a bhí pósta dar le foinsí níos deireanaí lena iníon, Sadhbh.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Green, lch. 362