Polaiteoir Éireannach ba ea James Martin Pacelli McGuinnessMáirtín Mac Aonghusa (23 Bealtaine 195021 Márta 2017).

Infotaula de personaMartin McGuinness

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Martin Pacelli McGuinness
23 Bealtaine 1950
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Márta 2017
66 bliana d'aois
Altnagelvin Area Hospital, Northern Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha ()
Áit adhlacthaReilig Chathair Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Feabhal

Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 2 Eanáir 2013 (éirí as)

Toghcheantar: Lár Uladh

Leas-Chéad Aire
8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017
← Mark Durkan
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 12 Aibreán 2010 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Lár Uladh

Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Lár Uladh

Aire Oideachais
29 Samhain 1999 – 14 Deireadh Fómhair 2002 – Caitríona Ruane (en) Aistrigh →
Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Lár Uladh

Ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
21 Eanáir 2004Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2004 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinthepeoplespresident.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Martin4President Twitter: M_McGuinness_SF Find a Grave: 177583833 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhall d'Ard Chomhairle Shinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den IRA Sealadach sna 1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach bhí ceisteanna i gcónaí faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta.[2]

2011
Martin McGuinness, Ian Paisley agus George Bush, 7 Nollaig 2007
 an plód a bhí ag a shochraid, an slua mór ar a shochraid
Sochraid

Polaitíocht cuir in eagar

Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána[3]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.

Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna 1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin ná Comhaontú Aoine an Chéasta a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.

Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ceapadh é mar Aire Oideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002. 

Ceapadh McGuinness ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Chuir an ceapachán alltacht ar Aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis.[3]

Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin do toghchán uachtaránachta na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 2011.

D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness sa toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.

Saol cuir in eagar

Saolaíodh McGuinness ar an 23 Bealtaine, 1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Ba dhuine de sheachtar clainne é.

D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.

Nuair a thosaigh na Trioblóidí, chuaigh sé leis an IRA. Faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA Sealadach i nDoire.

Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola, mhaígh sé gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.

Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.

Bhásaigh McGuinness ar 21 Márta, 2017. Chloígh an galar amalódóis é.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. BBC (2001-04-29). "Profile: Martin McGuinness" (en-GB). Dáta rochtana: 2024-02-03.
  2. http://tuairisc.ie/martin-mcguinness-fear-an-da-re-a-thug-an-ira-ar-bhothar-na-siochana/
  3. 3.0 3.1 "Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána " Tuairisc.ie, 21 Márta 2017
  4. Is galar doleigheasta é, galar atá ann nach dtig a leigheas agus bás millteanach.