Is ionann mígréin agus staid sa duine daonna ina mbíonn idir ghnáthphian agus drochphian eipeasóideach ar thaobh amháin den chloigeann. Is minic a dhéanann daoine a bhíonn ag fulaingt léi cur síos uirthi mar phian ina mbíonn broidearnach i gceist. Maireann sí ar feadh uaireanta nó fiú laethanta, ach bíonn tréimhsí ann nach mbíonn pian ar bith i gceist leo idir na ruaigeanna. Nuair a thosaíonn mígréin d’fhéadfadh suaite amhairc teacht in éineacht léi – ‘luan’ (cuireann seo isteach ar 20% de na daoine).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMígréin
cuir in eagar
Cineáleinceifealapaite agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíbrúchtaíl, photophobia (en) Aistrigh, urlacan, tinneas cinn agus masmas Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithescrúdú fisiciúil agus neuroimaging (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilanailgéiseach, triptan (en) Aistrigh, béite-bhlocálaithe, tricyclic antidepressant (en) Aistrigh, drugaí frithdhúlagrán, drugaí frithbhaoth-thonnán, botulinum toxin group (en) Aistrigh agus antasubstaint mhonaclónach Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Pataigineas
Cúis ghéiniteachPRDM16, TRPM8, FHL5, LRP1, MEF2D, PHACTR1, ASTN2, MARCHF4 agus MMP17 Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisanaithnid agus strus síceolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10G43.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9346, 346.9, 346.90 agus 346.80 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPN89 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM157300 agus 157300 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB31876 agus 4693 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000709 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1142556 agus 1179268 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmigraine-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD008881 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0042331, C0149931, C0149931 agus C0744641 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:6364 Cuir in eagar ar Wikidata

De ghnáth éiríonn an tinneas cinn níos measa má dhéanann an duine gluaiseacht nó gníomhaíocht fhisicúil. D’fhéadfadh masmas, urlacan, buinneach, mearbhall agus, i gcásanna áirithe, pairilis shealadach nó caillteanas urlabhra a bheith ann.

Tuairiscítear go mbíonn íogaireacht don solas, do thorann agus do bholaithe láidre. Ceaptar go dtarlaíonn na comharthaí sóirt de bharr athruithe sna fuileadáin sa chloigeann, ach ní fios go fóill cén fáth go dtarlaíonn na hathruithe seo. Is galar oidhreachtúil í an mhígréin i dtuairim is 60% de na cásanna, agus fulaingíonn gach aoisghrúpa, páistí atá chomh hóg le 12 mhí san áireamh. Faigheann trí huaire níos mó ban ná fir mígréin, go hiondúil de bharr athruithe hormónacha. Braitheann an chóir leighis le minicíocht agus déine na mígréine.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar