Mínormáltacht ó bhroinn

Mínormáltacht anatamaíoch nó fhiseolaíoch a fheictear ag an mbreith nó taobh istigh de chúpla seachtain. Coitianta go leor, mar tarlaíonn a leithéid do timpeall 5% den daonra. Is féidir go mbeidh sí contrártha le beatha (mar shampla, teip ar fhorbairt na hinchinne) nó éadrom go leor (mar shampla, méar breise). Tarlaíonn cuid acu mar thoradh ar mhínormaltachtaí crómasómacha nó éalanga géiniteacha, fachtóirí comhshaoil cosúil le hionfhabhtuithe (mar shampla, an bhruitíneach dhearg), nó drugaí atá tógtha ag an máthair (mar shampla, tailidimíd). Ní léir cad is brí le cuid mhaith díobh, cosúil le teip i dtuirlingt na mball úiríoch, achumaí cairdiacha, agus carball is liopaí scoilte.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mínormáltacht ó bhroinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 457.