Bhí cúrsaí míochaine go mór chun cinn sa tSín agus éachtaí á ndéanamh ann, mar is léir ón méid seo a leanas, a théann suas go dtí 1000 AD amháin. I ré Zhou (11ú-3ú céad RC) ceapadh lianna is bia-eolaithe ríoga (ón 6ú céad RC), lianna a bhí earcaithe ag an stát, oifigigh sláinte pobail; bhí tuiscint ar thábhácht íonuisce le n-ól agus an ceangal idir sláinte fhisiciúil is sláinte meabhrach. I ré Qin/Han (3ú céad RC-3ú céad AD), foilsíodh beathaisnéis lia (Shi Chi, 1ú céad RC), bhí an chéad ospidéal ann (491), ospidéil stáit (faoin 6ú céad), 360 pointe snáthaidphollta ar eolas (1ú céad RC), teascadh (1ú céad AD), gearrthaí Caesaracha (5ú céad), cruthú ar an gceangal idir bianna milse is diaibéiteas (1ú céad AD, 1700 bliain roimh an Eoraip), cruthú go raibh feamainn fóinteach do dhuine le hainglis (1ú céad, míle roimh an Eoraip), ól tae íocshláintigh, taifead ar chúiseanna bia-nimhithe i gcistineacha is iompartha ag feithidí, uisce inólta i bpíopaí i bpaláis Qin (3ú céad RC), uisce ó thoibreacha le haol iontu á sholáthar ar feadh seolphíopaí cré chuig cathracha (2ú céad AD), folcadáin phoiblí, luchairí/díothóirí feithidí poiblí ag úsáid phioratraim, chéad eolaí na cógaseolaíochta Síní (365 druga), agus an chéad tráchtas ar mhíochaine (1ú céad AD). I ré Sui-Tang (6ú-10ú céad) bunaíodh an coláiste impiriúil míochaine (620), le cúrsaí speisialta i bhfiaclóireacht is oftailmeolaíocht; bhí 10 scrúdú deireanach riachtanach chun cáilithe faoi 759, riachtanas dlíthúil le 20 mac léinn míochaine i ngach cathair mhór, soláthar cógas leighis ón stat, lárionad dáilte cógas leighis i ngach cúige, staidéir ar luibheanna chun cógais nua a aimsiú, 400 planda leighis in úsáid (7ú céad), foclóir oideas (723), 27 cóireáil feamainne don ainglis, staidéar ar an gcóras imshruthaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míochaine na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.