Múnlú trí instealladh

(Athsheolta ó Múnláil insteallta)

Próiseas a úsáidtear i ndéanamh plaisteach. Téitear an plaisteach amh, i bhfoirm ghráinneach, go mbíonn sé bog a dhóthain chun é a bhrú trí bhuinne isteach i múnla den chruth céanna leis an earra atá le déanamh. Nuair is teirmeaplaisteach atá in úsáid, bíonn an múnla fuar. Nuair is plaisteach teirmithéachtach atá in úsáid, coimeádtar an múnla te chun an t-imoibriú téachta a bhrostú. Bíonn an próiseas déantúsaíochta seo uathoibríoch i gcónaí, beagnach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Múnláil insteallta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 473.