Ba bhád farantóireachta é an MV Naomh Éanna a chaith tríocha bliain ag tabhairt paisinéirí idir Gaillimh agus Árainn. do Chóras Iompair Éireann (CIÉ).[1]

Bosca Sonraí SoitheachMV Naomh Éanna
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Fad137 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht650 each-chumhacht impiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
Luas10 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Uimhir IMO5247093 Cuir in eagar ar Wikidata

Tógáil cuir in eagar

Tógadh an Naomh Éanna i 1956/57 ag Longchlós na Life i mBaile Átha Cliath.[2] Tháinig sé in áit an SS Dún Aengus.[2]

Chaith an Naomh Éanna breis agus tríocha bliain ag imeacht siar agus aniar ó Oileáin Árann go dtí gur cuireadh deireadh lena seirbhís i 1986.

 
Naomh Éanna i nduga uaighe, 2018
 
díchóimeáil

Mar aon le soithí comhchosúla an MV Cill Airne agus a macasamhail cruinn, an MV Blarna (an dá cheann a coimisiúnaíodh i 1961), bhí sí ar cheann de na longa cabhlacha seamaithe deiridh a tógadh san Eoraip agus ar cheann de na longa deiridh a tógadh i Longchlós na Life.[3] [2][4]

Tógadh Naomh Éanna as seirbhís i 1986 [5][6]

Díchoimisiúnú cuir in eagar

Is iomaí feachtas a bunaíodh in aisce le blianta le súil an t-árthach a chaomhnú agus a thabhairt ar ais go Gaillimh. I 1989, fuair Iontaobhas Muirí na hÉireann í agus bhog sí go Duga na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath.[7]

Sna 2000idí bhí an an Naomh Éanna faoi úinéireacht NAMA go dtí gur cheannaigh an fear gnó Sam Field-Corbett í. Bhí an fear gnó ag iarraidh go ndéanfaí ceardlann nó óstán ar bord ach níor ghlac Fáilte Éireann ná Comhairle Chathair na Gaillimhe leis na moltaí.[8]

Go dtí 2014 bhí sé i gceist go mbeadh an bád mar chroílár “cheathrú mhuirí” i nDuganna na Canálach Móire.[9] Ach faoi 2014 bhí sí ar cheann de na longa Éireannacha is sine a bhí fágtha in Éirinn.[3] I mí Feabhra 2014 bhog Uiscebhealaí Éireann an bád go duga uaighe Dugaí na Canálach Móire le haghaidh díchoimisiúnaithe[10] agus bhí sí ina hábhar do chlár faisnéise teilifíse (a stiúraigh Donncha Mac Con Iomaire ar TG4).[11]

Faoi dheireadh, sa bhliain 2023-24, briseadh an chreatlach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-08-18). "An Naomh Éanna le briseadh i mBaile Átha Cliath" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Nostalgia for glory days of old island ferry". The Irish Times (1999-03-01). Dáta rochtana: 2020-08-08.
  3. 3.0 3.1 Ashmore (2014-09-14). “Progress Underway on Securing Naomh Eanna's Future”. Bailey Publications Ltd. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  4. Our History”. MV Cill Airne - The Boat Bar & Restaurant. Dáta rochtana: 1 September 2020.
  5. Naomh Éanna Ferry Service, 1963”. RTÉ Archives (2014-02-11). Dáta rochtana: 2020-08-08.
  6. Ashmore (2014-02-27). “Naom Éanna Given Months Stay of Execution by Seanad Éireann”. Bailey Publications Ltd. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  7. "Hopes for resurrection of Naomh Éanna ‘all but sunk’". Connacht Tribune (2014-04-22). Dáta rochtana: 2020-08-29.
  8. Nuacht RTÉ (2024-02-12). "Sean-bhád farantóireachta An Naomh Éanna scriosta" (as ga). 
  9. Siggins (2014-02-10). "Break-up of Aran island ferry for scrap opposed by waterway enthusiasts". The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-08-08.
  10. Brophy (2014-02-22). "Groups outraged at exclusion from 'relevant stakeholders' meeting on ship destruction". TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  11. "Aran Island vessel to be the subject of TG4 documentary". Galway Advertiser (2014-11-06). Dáta rochtana: 2020-08-08.

Foinsí cuir in eagar

  • McNeill, DB (1971). "Irish Passenger Steamship Services - South of Ireland" [Seirbhísí Gaile Paisinéirí Long na hÉireann - Deisceart na hÉireann] (in en): 148, 221. David & Charles. ISBN 0-7153-5248-2. OCLC 877238869. OL OL4054313M.