Saintéarma a thugtar ar thalamh íseal féarach ar chóstaí iarthuaisceart na hÉireann agus na hAlban is ea machaire (Gaeilge na hAlban agus Béarla: machair [ˈmaxɪɾʲ]). Tá na samplaí is fearr le fáil ar Uibhist a Tuath, Uibhist a Deas, Na Hearadh, agus Leòdhas.

Machaire ar Bheàrnaraigh

Ar ndóigh, tagann an téarma ón bhfocal Gaeilge a bhfuil brí níos leithne leis (aon pháirc nó achar mór talún).[1][2] Bhí sé in úsáid sa bhrí níos cúinge seo chomh fada siar le 1926, agus bhí sé le feiceáil sa litríocht eolaíochta sna 1940idí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: machaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2022-08-22.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): machaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2022-08-22.