Maoin (Cill Dara)

sráidbhaile i gContae Chill Dara
(Athsheolta ó Maen Colmcille)

Sráidbhaile beag i ndeisceart Chontae Chill Dara is ea Maoin[1] (nó Maoin Cholm Cille)[2]. Tá sé ar an seanbhóthar N9 (ar sheachbhóthar anois) thart ar 80 km ó dheas ó Bhaile Átha Cliath. Níl ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, séipéal, scoil náisiúnta, siopa amháin, agus ionad pobail beag. Tá teach tábhairne ann freisin, a dtugtar Moone High Cross Inn air.[3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaoin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°59′N 6°49′W / 52.98°N 6.82°W / 52.98; -6.82
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412375

Tá ardchros chloiche thart ar chiliméadar amháin ó Mhaoin ar an mbóthar go dtí Baile Átha Í. Tógadh san ochtú haois í, agus is í an sainchomhartha is suntasaí sa cheantar.[4] Seasann sé i bhfothrach seanmhainistreach a bhfuil baint aici le Colm Cille. Creidtear gur thóg na Proinsiasaigh an eaglais in ómós Cholm Cille timpeall na bliana 1300.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Maoin/Moone | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Maoin / Moone (see archival records)”. logainm.ie. Irish Placenames Commission. Dáta rochtana: 10 January 2020.
  3. County Kildare: Moone
  4. County Kildare - Moone High Cross”.