Feiste chun micreathonnta a ghiniúint. Bíonn seomra folúsaithe inti le catóid lárnach, timpeallaithe ag anóid chomhlárnach. Timpeallaíonn na leictreoin a dhíchuirtear ón gcatóid an chatóid féin, faoi iarmhairt na réimsí leictreacha is maighnéadacha. Táirgtear micreathonnta mar thoradh ar athshondais idir na leictreoin ghluaiste agus cuasa san anóid. Saothraíodh ar dtús sna 1940idí é i gcomhair radair don chogadh domhanda, ach úsáidtear go forleathan inniu é in oighinn mhicreathonnacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.