Dúil cheimiceach é an maignéisiam, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mg. Is é dúil uimhir a 22 é, agus é 24.3050 ar mheáchan adamhach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha atá ann, agus mar sin, tá dhá s-leictreon aige taobh amuigh den ochtréad. Is dual dó na leictreoin seo a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian défhiúsach Mg2+, agus mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +2.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMaignéisiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Maignéisiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachMg
Uimhir adamhach12
Mais adamhach24.305
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² agus [Ne] 3s²
Peiriad, Grúpapeiread 3
miotal cré-ailcealach
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe649
Fiuchphointe1,100
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.57, 0.72 agus 0.89
Stair
AimsitheoirJoseph Black
Fionnachtain1755
Eapainmmaignéis

Tá trí iseatóp nádúrtha ag an maignéisiam, mar atá, maignéisiam a 24 (79 % de mhaignéisiam an dúlra), maignéisiam a 25 (10 %) agus maignéisiam a 26 (11 %). Iseatóp cobhsaí iad go léir, ní féidir radaighníomhaíocht ar bith a aithint orthu.

Cosúil leis na miotail chré-alcaileacha eile tá an maignéisiam araiciseach go maith chun imoibriúcháin leis na dúile eile, agus mar sin, ní bhíonn sé ar fáil i bhfoirm glandúile sa dúlra. Imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir féin, agus sna laethanta a bhí, ba nós leis na grianghrafadóirí púdar maignéisiam a úsáid le splancsholas a chruthú. Is dual don mhaignéisiam solas geal láidir bán a thabhairt uaidh agus é á dhó, agus inniu féin baintear leas as mar fhoinse solais.

Cé go bhfuil an maignéisiam chomh himoibríoch, is féidir gluaisteáin agus eitleáin a thógáil as maignéisiam freisin, chomh héadrom agus atá sé. Is gnách é a choimhiotalú leis an alúmanam, áfach, nó bheadh glanmhaignéisiam ródhainséarach lena aghaidh sin.

Chomh himoibríoch is atá an miotal seo, is féidir anóidí íobartacha a dhéanamh as. Is éard atá i gceist le hanóid íobartach ná smután miotail a chuirtear in aice le struchtúir mhiotalacha faoi uisce (píblínte agus coimeádáin, mar shampla) le hiad a dhíonadh ar ocsaídiú. Tá an anóid déanta as miotal atá níos claonta chun ocsaídiú ná an miotal atá sna struchtúir féin. Tiocfaidh difríocht poitéinsil leictrigh idir an dá mhiotal seo - voltas, go bunúsach - agus tosóidh an anóid á leictrealú faoi thionchar an voltais seo. A fhad is a bheidh iarsmaí éigin fágtha den anóid íobartach, ní thosóidh na struchtúir féin á n-ocsaídiú.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar