Is fothrach mainistreach í Mainistir Bhuithe (Béarla: Monasterboice) i ndeisceart Chontae Lú, díreach ó thuaidh ó Dhroichead Átha. Bunaíodh lonnaíocht Chríostaí ann ag deireadh an chúigiú chéad. Ceaptar gurb é Baoithe Mac Brónach, a fuair bás timpeall na bliana 521, cléir de shliocht ríthe na Mumhan, a bhunaigh é. Bhí clú agus cáil air mar naomh a rinne míorúiltí ar na heasláin agus fiú ar na mairbh. Bhí an Mhainistir ina lárionad léinn sa cheantar go dtí gur bhunaigh na Cistéirsigh An Mhainistir Mhór) (Béarla: Mellifont Abbey) sa bhliain 1142.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Bhuithe
Íomhá
Sonraí
CineálMainistir
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Lú, Éire
Map
 53°46′40″N 6°25′02″W / 53.777647222222°N 6.4173416666667°W / 53.777647222222; -6.4173416666667
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir94
Ardchros Mhuireadhaigh. Féach na radhairc mhionsomracha a snoíodh ina screamh.
Ecce Homo nó Gabháil Íosa, Tá Íosa i lár báire agus beirt shaighdiúir taobh leis.

Tá dhá séipéal i measc na bhfothrach, tógtha san cheathrú haois déag nó níos déanaí agus cloigtheach níos luaithe, ach tá clú ar an áit mar gheall ar a cuid ardchros, tógtha san deichiú haois. Tá an cloigtheach 35 méadar in airde, agus cuma mhaith air, cé nach féidir dul isteach ann. Creidtear go raibh sé tógtha mar tearmann faoi choinne na manach in aghaidh ionsaí na Lochlannach, cé nach bhfuil gach duine sásta leis an míniúchán seo. Dódh an mhainistir sa bhliain 1079.

Áirítear Cros Mhuirígh i Mainistir Bhuíthe (c.923 A.D.) mar shárshaothar na n-ardchros uile. Cros le colún ard agus géaga measartha gairid le ciorcal lárnaithe ar an bpointe a ngearrann siad trasna a chéile atá ann (i.e. cros rothlach.). Bhí Muiredach Mac Domhnaill, a fuair bás sa bhliain 923 ina ab ar an mhainistir. Tá os cionn 250 cros in Éirinn. Ní fhaightear ardchrosa san Eoraip ach in Éirinn agus sna tíortha a bhí faoi thionchar na hÉireann ag an am, Alba, Manainn agus Sasana.

An Cloigtheach. Mar chosaint ar ruathair na Lochlannach a tógadh na cloigthithe. B'áiteanna faire agus tearmainn do mhuintir na mainistreach iad. Bhíodh an doras de ghnáth 15-20 troigh os cionn na talún agus dréimire inaistrithe suas chuige. Bhíodh ceithre úrlár nó tuilleadh á roinnt laistigh. Tá an cloigtheach 110 troigh in airde inniu. Tá an talamh ina thimpeall ardaithe anois agus tá an caipín coirceogach ar iarraidh.

Léiríonn na h-ardchrosa gaol áirithe le dealbhóireacht ón tSeoirsia agus ón Airméin a d’fhéadfaí a thréithriú mar anáil an mhanachais Cheartcheidmhigh. Ach d’ainneoin sin léiríonn íocónagrafaíocht na gcros nasc le sacrcafagais Luath-Chríostaí na Róimhe. Tugtar Crosa Screaptra orthu chomh maith mar gheall ar sin. Is cosúil gur athchruthú oilithreacht don Róimh a bhí iontu.

Tá radhairc dealbhaithe ar Chros Mhuirígh as an Sean-Tiomna agus as an Nua-Tiomna. Tá creimeadh na haimsire ar dhromchla na gcros eile, an Chros Thuaidh agus an Chros Thiar.

Naisc sheachtracha cuir in eagar