Mainistir ar an Maigh Rua i gCo. Luimnigh (Ard-Dheoise Chaitliceach Chaiseal-Imleach) is ea Mainistir Cholmcille.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Cholmcille
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach
Foirgníocht1927 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°39′42″N 8°23′17″W / 52.661678°N 8.388169°W / 52.661678; -8.388169

Mainistir Bheinidicteach is ea é a bunaíodh nuair a tháinig manaigh anoir ón mBeilg. Cuireadh an mhainistir ar bun sa bhliain 1927. Is é an tAth. Brendan Coffey an t-ab reatha.

Tá meánscoil phríobháideach ar an suíomh.

Bíonn paidreacha na mainistreach á gcraoladh ar líne.

Tá tigh lóistín sa mhainistreach, inar féidir le hoilithrigh agus le cuairteoirí fanacht ann.

Bhí muintir Barrington i bhfeighil ar an talamh agus ar an dtigh ina bhfuil an mhainistir lonnaithe sular tháinig na manaigh.

An Ghaeilge cuir in eagar

Bhí an scoláire Gaelainne an tAth. Seán Ó Duinn ina mhanach anseo.

Irisleabhar cuir in eagar

Foilsíonn an mhainistir iris gach ráithe darb ainm an Glenstal Abbey Chronicle.

Amchlár na bPaidreacha cuir in eagar

Paidreacha na Maidne: 6.35 rn (ach 7:00 rn Dé Domhnaigh)

Aifreann: 12.10 in (ach 10:00 rn Dé Domhnaigh)

Paidreacha Meánlae: 12:35 in (Dé Domhnaigh amháin)

Paidreacha an Tráthnóna (as Laidin): 6:00 in

Paidreacha na hOíche: 8.35 in (Bigil seachas paidreacha oíche Dé Sathairn)