Snaschraiceann adhmad (ar dhathanna éagsúla an-snasta) is ea maircíneacht a chuirtear le troscán i bpatrúin mhaisithe, go minic i bhfoirm torthaí, bláthanna, is fásra. Teicníocht an-choitianta in iarthar na hEorpa sa 17ú-18ú céad. Rinneadh sárshaothar léi sa bhFrainc le linn réimis Louis XIV-XVI. Tugtar páircíneacht ar mhaircíneacht a eagraítear i bpatrúin gheoiméadracha, le hiarmhairt peirspictíochta uaireanta, a bhí coitianta i Sasana sa 17ú céad.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Maircíneacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 433.