Tugtar maisticítí ar chealla le gráinníní iontu a chuimsíonn hiostaimín, heipirin, is ceimiceáin eile. Níl siad i láthair sa bhfuil, ach bíonn siad sa bhfíochán scaoilte tacaíochta mórthimpeall na bhfuileadán is na soitheach limfeach, go príomha sa chonair riospráide agus conair an díleá. Cuireann aon ghortú d'fhíochán nó aon ionfhabhtú tús le fuascailt na n-ábhar sna gráinníní sna maisticítí, agus cuireann sé sin freagairt athlasta nó ailléirgeach ar siúl.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Maisticítí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.