Maitias Séamas Ó Coinmhí

I gcathair na Gaillimhe, 3 Feabhra 1766, a rugadh Maitias Séamas Ó Coinmhí (Ó Coinmhidhe).[1] De mhuintir Ógáin a mháthair agus Gaeilgeoir dúchais ab ea nach raibh focal Béarla aige nó go raibh sé thar ocht mbliana d’aois, ós lena sheanmhuintir taobh amuigh den chathair a bhí sé ina chónaí. Bhí a mhuintir deisiúil; cuireadh ar scoil i nGaillimh é agus d’fhoghlaim sé Béarla, Fraincis, Laidin agus Gréigis, in éineacht le rince agus pionsóireacht. Bhí sé thar barr mar dhornálaí agus mar snámhóir. Sagairt Abhistíneacha is mó a chuir oideachas air, cé go raibh raibí mar mháistir príobháideach aige.

Infotaula de personaMaitias Séamas Ó Coinmhí
Beathaisnéis
Breith3 Feabhra 1766
Bás28 Samhain 1842
76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, teangeolaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

In aois a sé déag rinneadh printíseach d'aturnae de chuid mhuintir Bhrianach. Rinneadh iarracht ar an mBrianach a thógáil lá agus an bheirt acu ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath; throid siad seisear constábla agus d’éalaigh, agus chuir athair Maitias go dtí oileán Grenada sna hIndiacha Thiar é. I seilbh na Fraince a bhí Grenada, ach ba ghearr go bhfuair Sasana greim air. D’imigh Ó Coinmhí leis agus shroich sé Philadelphia i dtús na bliana 1784 in aois a ocht mbliana déag. Fógra Saoirse Mheiriceá a mheall é ó bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ann le hocht mbliana.

Imreoirí liathróide de chuid na Seactach (Choctaw) agus na Lacótach (Lakota). D'fhoghlaim Ó Coinmhí teangacha a leithéidí. George Catlin a rinne an pictiúr sna 1830í

Saol Meiriceánach a bhí aige as sin amach: é ar fiannas i mílíste Pennsylvania, ina thrádálaí leis na hIndiacha, ina mháistir scoile, agus ina thaistealaí. Phós sé bean an-óg arbh as Corcaigh dá máthair, agus bhí iníon leo, Cecelia, ar bhunaitheoirí Siúracha na Carthanachta i Meiriceá. Thug sé tamall i bPittsburgh agus bhain amach New Orleans, áit a raibh faill aige leis an gcreideamh a chleachtadh gan dua: Caitliceach tréan ab ea Ó Coinmhí i gcónaí.

Chuir sé foclóir Spáinnise i dtoll a chéile, agus nuair a bhí sin críochnaithe aige sa bhliain 1812 thosaigh sé ar fhoclóir Béarla-Gaeilge. Is leis a chaith sé formhór a shaoil as sin amach, agus lámhscríbhinn thoirtiúil atá ann. Theip air foilsitheoir a fháil dó de bharr a mhéid, rud a ghoill air go mór. An Foclóir Béarla-Gaoidheilge a thug sé air, agus tuairim is 14,000 focal Gaeilge ann – sin 50,000 slipeanna nó cártaí eolais.

Is cosúil go raibh eolas éigin aige ar thuairim is céad teanga, agus teangacha Indiacha ina measc.

Foinsí cuir in eagar

Mac Aonghusa, Proinsias, ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ as Go Meiriceá Siar - Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, Stiofáin Ó hAnnracháin (eag.). An Clóchomhar Tta 1979.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar