De bhrí go ndéanann ola, is cuma peitreal nó díosal, an-truailliú nuair a dhóitear mar bhreosla í in inneall dóchain inmheánaigh, tá an-tóir ar bhreoslaí eile nach ndéanfaidh an oiread céanna truaillithe. Tá meascán de mheatánól is peitreal á thástáil, agus taighde á dhéanamh ar na hinnill chun iad a oiriúnú dó. Tá gás nádúrtha in úsáid, bíodh is gur gá umar trom treisithe sa ghluaisteán chuige seo. Táthar ag tástáil eatánóil freisin d'fhonn é a úsáid in ionad peitril. Bíodh is go bhfuil baol inlastachta ag baint leis, tá taighde á dhéanamh ar hidrigin mar bhreosla i gcomhair feithiclí. Tá córais leictreacha á saothrú freisin chun feithiclí a fhuinnmhiú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Malairt bhreosla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 435.