Is é Managua príomhchathair Nicearagua agus príomhchathair an cheantair riaracháin leis an ainm céanna. Bunaíodh sa bhliain 1819 é mar shráidbhaile beag iascaireachta, ar bhruach theas Loch Managua. Is é an chathair is mó sa tír é. Is cathair thábhachtach é Managua i gcúrsaí trádála, tionscadail, polaitiúla agus cultúrtha. Tá daonra 1,850,000 ag an gcathair agus níl daonra níos airde ag cathair ar bith i Meiriceá Láir ach amháin Cathair Ghuatamala.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilManagua

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 12°09′16″N 86°16′26″W / 12.1544°N 86.2738°W / 12.1544; -86.2738
Stát ceannasachNicearagua
Department of Nicaragua (en) AistrighManagua Department (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán937,489 (2005) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,508.57 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla267.2 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Managua Cuir in eagar ar Wikidata
Airde83 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú24 Márta 1819 (Iúlach)
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist10000–14345 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinmanagua.gob.ni Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bunaíodh an baile i dtús báire, glaodh “Leal Villa de Santiago de Managua” air. Tá Managua suite idir an dá chathair is tábhachtaí eile i Nicearagua, León agus Granada, agus dá bharr sin lonnaigh siad an phríomhchathair anseo mar chomhréiteach. Tá cuid mhaith d'eacnamaíocht Managua ag brath ar thrádáil. Is lárionad trádála i dtaobh caife, cadáis, agus barraí eile é. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh tionscadal, ag soláthar beorach, caife, cipíní, teicstílí, agus bróg.

D'fhulaing an chathair dhá chrith talún sa 20ú haois. Glaotar “Veinéis i Meiriceá Láir” ar an gcathair mar gheall ar na canálacha a tochlaíodh ann, agus tá a lán turasóirí ag teacht ann dá bharr. Tá lasair shíoraí suite sa chathair chomh maith.

Tagairtí cuir in eagar