Marcus Daly

fear gnó Meiriceánach

Boc mór sa mhianadóireacht chopair i mButte, Montana, a rugadh i mBaile Shéamais Dhuibh ab ea Marcus Daly (5 Nollaig 1841 - 12 Samhain 1900). Chuaigh sé ar imirce go Nua-Eabhrac i 1856. Faoi 1861 bhí sé ag obair i mianach óir i gCalifornia, agus ansin ina mhaor oibre i mianach óir i Virginia, Nevada (1862-1868). Chaith sé roinnt blianta mar bhainisteoir ar mhianaigh airgid i Utah. I 1880 cheannaigh sé mianach airgid Anaconda a raibh méid ollmhór copair ann. Tháinig forbairt ar an leictreachas chun cinn is gá le sreanga copair, agus d'fhás mianach Anaconda iontach tapa. Bhunaigh sé comhlacht Anaconda Copper Mining i 1895. Bhruithnigh sé copar, airgead is ór freisin, agus bhí an cheárta bruithnithe is mó ar Domhan i mbaile nua Anaconda.[1]

Infotaula de personaMarcus Daly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Nollaig 1841
Baile Shéamais Dhuibh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Samhain 1900
58 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaGreen-Wood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfiontraí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMary Daly, Harriot Holmes Daly Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 254 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Marcus Daly". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 198.