Bhí Maria von Jever ina leasrí ar Jever, baile stairiúil i dtuaisceart na Gearmáine. Rugadh Maria ar an 5 Meán Fómhair, 1500. Ba é Edo Wiemken, rialtóir Jever, a hathair, agus ba í dara bean chéile Edo, Heilwig von Oldenburg, a máthair. Cailleadh Heilwig nuair nach raibh ach bliain amháin slánaithe ag Maria. Cailleadh Edo Wiemken agus a oidhre, Christoph, deartháir Maria, sa bhliain 1511 agus mar sin ceapadh Maria mar leasrí. Fuair sí bás sa bhliain 1575.

Infotaula de personaMaria von Jever

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Meán Fómhair 1500 (Féilire Ghréagóra)
Jever Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1575 (Féilire Ghréagóra)
74/75 bliana d'aois
Jever Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrialtóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Maria von Jever (1500-1575)