Marian Keyes

scríbhneoir Éireannach

Is scríbhneoir Éireannach í Marian Keyes, a rugadh ar an 10 Meán Fómhair, 1963 i Luimneach. Is í Keyes duine de na húdair is mó cáil agus díol in Éirinn. Scríobhann sí litríocht na mban, ficsean agus neamhfhicsean, 14 úrscéal san áireamh. Tá níos mó ná 30 milliún leabhar díolta aici agus aistríodh a chuid úrscéalta go 36 teanga[1].

Infotaula de personaMarian Keyes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Meán Fómhair 1963
60 bliana d'aois
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Dún Laoghaire Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, file dlíodóra Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1993 –
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmariankeyes.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0450826 Facebook: MarianKeyes Twitter: mariankeyes Instagram: marian_keyes Youtube: UCgSS21fnrqxVu8O-bau29pQ Cuir in eagar ar Wikidata

Saol a hóige cuir in eagar

Rugadh i Luimneach í agus chaith sí a hóige i gCabhán, i gCorcaigh, i gContae na Gaillimhe agus i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath. Tá cúigear sa teaghlach, deartháireacha Tadhg agus Niall agus deirfiúracha, Caitriona agus Rita Anne[2]. Bhain sí amach céim i ndlí agus cuntasaíocht ó Choláiste na hOllscoille BÁC, agus d'oibrigh sí i bpost riaracháin i mBaile Átha Cliath sular bhog sí go Londain sa bhliain1986[1]. Agus í ag obair i Londain sna fichidí, mar fhreastalaí agus níos déanaí i gcuntais, fuair an t-alcól greim uirthi agus chaith sí am ag teacht chuige féin san Ionad Rutland tar éis iarracht ar fhéinmharú[3][4]. Níor ghlac si ól ón bhliain 1994[5].

Gairm scríbhneoireachta cuir in eagar

Thosaigh sí ag scríobh gearrscéalta i 1993. Chuir sí a scéalta chuig an teach foilsithe Poolbeg Press agus ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sí a chéad úrscéal Watermelon i 1995[6]. Thosaigh sí ag scríobh go lánaimseartha i 1996, agus d'fhoilsigh an t-úrscéal is déanaí, Grown Ups, i mí na bhFeabhra 2020.

Scríobhann Keyes ar roinnt téama: Andúil, bás, caidrimh, dúlagar, foréigean teaghlaigh, pósadh agus tinneas san áireamh. Scríobhann sí i stíl ghreannmhar, cé go bhfuil téama dorcha á phlé aici[4]. Bíodh Marian i gcónaí oscailte faoina deacrachtaí féin leis an alcólacht agus go háirithe an dúlagar, cé go raibh tabú in Éirinn faoin meabhairghalar nuair a thosaigh sí ag scríobh sna 90di[6]. Tá cuid is mó na leabhar suite in Éirinn, ní a oiread céanna i Sasana, agus cúpla sna Stáit Aontaithe.

Saol pearsanta cuir in eagar

I 1995, pósadh í ar fear Sasanach, Tony Bairnes, agus bhog an lánúin go Baile Átha Cliath[4]. Inniu tá cónaí orthu i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath[2]. Oibríonn Tony, ar a dtugtar Himself[7], mar rúnaí Marian[2]. Is feimineach í Keyes agus bhí sí i bhfabhar an Reifreann faoin gComhionannas Pósadh i 2016 agus an Reifreann Aisghair an t-Ochtú Leasú i 2019[6]. Is maith léi a bheith ag léamh, bróga, malaí láimhe, agus an clár damhsa Strictly Come Dancing[3][8]. Is duine gníomhach í ar Twitter[7].

Obair eile cuir in eagar

Is pátrún í den charthanas Ón Rúis le Grá (From Russia With Love), carthanas ag tabhairt aire do dhílleachtaí Rúiseach i Bryansk[9]. Thug sí cuairt ar an Aetóip leis an gcarthanas Concern (ag obair le hocras domhanda) agus thug sí airgead óna leabhar don Lucht Simon (ag obair le heaspa dídine), don charthanas Save the Children/Syria[2] agus do Chumann Naomh Uinseann de Pól (ag obair le bochtaineacht)[9]. Déanann sí urraíocht ar an nGradam Scríbhneoir Óige Marian Keyes agus bíonn sí ina ambasadóir san Ionad Scríbhneoireacht na hÉireann[10].

Saothar cuir in eagar

Ficsean cuir in eagar

Úrscéalta cuir in eagar

  • 1996 - Lucy Sullivan is Getting Married
  • 1999 - Last Chance Saloon
  • 2002 - Sushi For Beginners
  • 2004 - The Other Side of the Story
  • 2008 - This Charming Man
  • 2009 - The Brightest Star in the Sky
  • 2014 - The Woman Who Stole My Life
  • 2017 - The Break
  • 2020 - Grown Ups

Úrscéalta - sraith an teaghlach Walsh cuir in eagar

  • 1995 - Watermelon (Claire Walsh)
  • 1998 - Rachel's Holiday (Rachel Walsh)
  • 2002 - Angels (Maggie Walsh)
  • 2006 - Anybody Out There? (Anna Walsh)
  • 2009 - The Mystery of Mercy Close (Helen Walsh)
  • 2012 - Mammy Walsh's A-Z of the Walsh Family - eLeabhar Gearr

Gearrscéalta cuir in eagar

  • 2000 - Scéal sa bailiúchán Girls' Night In
  • 2001 - Caibidil sa leabhar Yeats is Dead!
  • 2002 - Scéal sa bailiúchán Big Night Out
  • 2005 - Scéal sa bailiúchán The Worst Noel

Novella cuir in eagar

  • 2000 - No Dress Rehearsal (Sraith Open Door 2)
  • 2005 - Nothing Bad Ever Happens in Tiffany's

Neamhficsean cuir in eagar

Bailiúcháin aiste cuir in eagar

  • 2001 - Under the Duvet
  • 2005 - Further Under the Duvet
  • 2005 - Cracks in my Foundation
  • 2016 - Making it Up as I Go Along

Leabhar Cócaireachta cuir in eagar

  • 2012 - Saved By Cake

Duaiseanna cuir in eagar

  • 2006 - Anybody Out There? - Gradaim Leabhar Briotanach - Ficsean don Ghnáthphobal
  • 2006 - Anybody Out There? - Duais Melissa Nathan - Coméide/Scéal Grá
  • 2009 - This Charming Man - Gradaim Leabhar Éireannach - Ficsean don Ghnáthphobal
  • 2017 - The Break - Gradaim Leabhar Éireannach - Ficsean don Ghnáthphobal
  • 2018 - Duais Sárdíola Millenial - Gradaim Cosmo an Spáinn (Gaisce ar Feadh a Saol)

Nasc sheachracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Biography" (en-GB). Marian Keyes (2017-06-08). Dáta rochtana: 2020-03-08.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Inside home of author Marian Keyes- 'When we first moved in there was an awful lot of brown - it was grim'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-08.
  3. 3.0 3.1 "Nine Things About Marian" (en-GB). Marian Keyes (2017-06-08). Dáta rochtana: 2020-03-08.
  4. 4.0 4.1 4.2 "Marian Keyes: A darker side to chick-lit" (en). The Independent (2010-01-09). Dáta rochtana: 2020-03-08.
  5. Aoife Walsh (2019-01-19). "Marian Keyes shares emotional message as she celebrates 25 years of sobriety". rsvp. Dáta rochtana: 2020-03-08.
  6. 6.0 6.1 6.2 Róisín Ingle. "Marian Keyes: ‘There’s an awful lot of riding in my book’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-08.
  7. 7.0 7.1 "Marian Keyes: Grieving for my dad meant I couldn't access the feelings I needed to write" (en). The Irish News (2020-02-08). Dáta rochtana: 2020-03-08.
  8. "Fans console Marian Keyes as author mourns Pasha Kovalev’s Strictly departure" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-08.
  9. 9.0 9.1 "Charities" (en-GB). Marian Keyes (2017-06-08). Dáta rochtana: 2020-03-08.
  10. "Marian Keyes Young Writer Award - Summer 2019". Irish Writers Centre - Dublin, Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-24. Dáta rochtana: 2020-03-08.