Mars sa litríocht fhicseanúil

Nuair a bhí na saineolaithe féin ag tabhairt le fios go raibh gléas beatha agus, fiú, canálacha ar Mhars, tarraingíodh súil na scríbhneoirí ar an bpláinéad dearg, agus tháinig roinnt mhaith úrscéalta ar pár ag tabhairt cur síos ar shaol mhuintir Mhars mar a samhlaíodh do na húdair iad. Is iomaí scríbhneoir a shíl gur pláinéad sna céadéaga ab ea Mars, agus a mhuintir ag gearradh canálacha trasna a dhromchla leis an mbeagán uisce a bhailiú agus a roinnt ina measc chomh hiomlán agus ab fhéidir. Mar shampla, is cuid lárnach de radharcra Mharsa, nó Barsoom, ag Edgar Rice Burroughs na farraigí triomaithe atá á siúl ag na fir uaine. D'imir an smaoineamh seo a thionchar ar H. G. Wells, freisin, nuair a scríobh sé Cogadh na Reann. Scéal clasaiceach is ea é faoi arrachtaigh a d'fhéach le teacht slán óna bpláinéad leathmharbh féin agus socrú síos ar an Domhan, agus iad ag cur catha ar na daoine le gás nimhe agus le hairm nua-aoiseacha eile. Sa deireadh, fuair siad bás, ó nach raibh súil acu le baictéirí an Domhain.

Nuair a fuarthas tuiscint níos fearr ar Mhars, d'éirigh na scríbhneoirí as scéalta den chineál seo. Ansin, d'éirigh sé faisiúnta scéalta a insint faoi dhaoine a théann ón Domhan go dtí Mars leis an áit a thabhairt chun míntíreachais agus le stát a bhunú ansin a bheidh beag beann ar an Domhan. Is féidir an téama seo a aithint sa tríológ faoi Mhars a scríobh Kim Stanley Robinson, Red Mars - Green Mars - Blue Mars.