Ba é an Captaen Matthew Webb (19 Eanáir 184824 Iúil 1883) an chéad duine a d'éirigh leis an Mhuir nIocht a shnámh, gan cúnamh. Ar an 25 Lúnasa 1875 shnámh sé ó Dover, Shasana go Calais san Fhrainc, taobh istigh de 22 uair a chloig.

Infotaula de personaMatthew Webb

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Eanáir 1848
Dawley, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Iúil 1883
35 bliana d'aois
Eas Niagara Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach ()
Áit adhlacthaOakwood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síTottenham Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsnámhóir, éachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtSasanaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsnámh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
cross-Channel swimming (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 10848453 Cuir in eagar ar Wikidata

Luath-óige agus gairmréim cuir in eagar

Rugadh Webb i nDawley, Shropshire. Bhí 12 páiste ag a athair, a bhí ina dhochtúir ó Coalbrookdale. Liostáil sé leis an gCabhlach Ríoga agus chuir sé isteach trí bliana mar phrintíseach le Rathbone Brothers ó Learpholl,Shasana.

Curiarracht snámha Mhuir nIocht cuir in eagar

Ar an 12 Lúnasa 1875 rinne Webb a chéad iarracht an Mhuir nIocht a thrasnú, ach theip air toisc go raibh an ghaoth róláidir agus an fharraige ró-gharbh dó.

Ar an 24 Lúnasa 1875 thosaigh sé ar a dara iarracht, ó Admiralty Pier i nDover. Ar dtús báire, roimh dul isteach dó, d'ith sé bricfeasta mór bagúin agus uibheacha agus chaith sé siar gloine cláiréid leis!

 
Matthew Webb, Iúil 1883

Bhí a chorp smeartha le hola muice mara roimh dul isteach san uisce dó. D'úsáid sé an bhéim bhrollaigh agus é ag snámh. Chuir sruth láidir taoide, maille le cealgaí ó smugairlí róin coiteann, isteach go mór air, agus é amuigh ó Cap Gris Nez.

D'éirigh leis áfach cladach Chalais a bhaint amach, tar éis 21 uair agus 45 nóiméad san fharraige.

Bás cuir in eagar

Ar an 24 Iúil 1883, rinne Webb iarracht snámh trasna na guairneáin in Abhainn Niagara ag bun Eas Niagara i gCeanada. Chuir sé an chéad chuid de slán. Ach níor tháinig sé aníos as an bpoll súraic i lár na habhann.

Breis léitheoireachta cuir in eagar

  • Elderwick, David (1987). Captain Webb: Channel Swimmer. ISBN 0-947731-23-7.
  • Sprawson, Charles (1992). Haunts of the Black Masseur: The Swimmer as Hero. ISBN 0-8166-3539-0.
  • Watson, Kathy (2000). The Crossing: The Curious Story of the First Man to Swim the English Channel. ISBN 0-7472-2341-6.

Naisc sheachtracha cuir in eagar