Maud Gonne

réabhlóidí agus gníomhaí Éireannach (1866–1953)

Ba réabhlóidí Éireannach í Maud Gonne MacBride (Gaeilge: Maud Nic Ghoinn, Bean Mhic Giolla Bhríde, 21 Nollaig 186627 Aibreán 1953) a rugadh i Sasana, feimineach agus ban-aisteoir, ach clú is mó uirthi de bharr an chaidrimh shuaite a bhí aici le William Butler Yeats.[1][2][3]

Infotaula de personaMaud Gonne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edith Maud Gonne
21 Nollaig 1866
Farnham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Aibreán 1953
86 bliana d'aois
Cluain Sceach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid, aisteoir stáitse, dírbheathaisnéisí, iriseoir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis agus Béarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileSeán Mac Giolla Bhríde Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíW. B. Yeats
Lucien Millevoye Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeán MacBride
 ( Seán Mac Giolla Bhríde)
Georges Silvère Gonne
 ( Lucien Millevoye)
Iseult Gonne
 ( Lucien Millevoye) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas Gonne  agus Edith Cook
SiblínKathleen Mary Gonne

Find a Grave: 5746941 Cuir in eagar ar Wikidata

B’Angla-Éireannaigh a muintir agus is mar sin a tógadh í ach chuaigh cruatan na ndíshealbhaithe i rith Cogadh na Talún go mór i bhfeidhm uirthi agus thaobhaigh sí le Náisiúnachas Éireannach. Bhí sí an-ghníomhach i ngníomhachtaí Rialtas Dúchais.

Maud Gonne, 1890idí

Saol óg cuir in eagar

Rugadh í in Tongham in aice le Farnham i Surrey sa Bhreatain. Tugadh an t-ainm Edith Maud Gonne uirthi, an cailín ba sine de chlann an Chaptaen Thomas Gonne (1835 – 1886) a bhí sa 17ú Lancers. Ba as Caithness in Albain Thomas Gonne. Fuair a máthair, Edith Frith Gonne, née Cook (1844-1871), bás nuair a bhí Maud ina páiste óg. Cuireadh í chun na Fraince chun oideachas a fháil.

 
 le Joseph Uzanne, Figures contemporaines tirées de l’Album Mariani, Librairie Henri Floury,1896

Sa bhliain 1882 cuireadh athair Maude go Baile Átha Cliath. Bhog sí in éindí leis go Baile Átha Cliath agus d’fhan sí leis go dtí a bháis sa bhliain 1886.

D’fhill sí ar an Fhrainc tar éis tréimhse eitinne agus thit sí i ngrá le hiriseoir agus polaiteoir den eite dheis, Lucien Millevoye. D’aontaigh sí go dtroidfidís ar son shaoirse na hÉireann agus chun seilbh a fháil ar Alsace – Lorraine ar son na Fraince.

D’fhill sí ar Éirinn; bhí sí ag iarraidh príosúnaigh pholaitiúla a shaoradh ó phríosún.

Sa bhliain 1890 d’fhill sí ar an Fhrainc agus chas sí le Millevoye arís. Bhunaigh sí féin agus Yeats an Association Irlandaise i bPáras. Ar feadh tréimhse gearr, chuaigh sí isteach in eagraíocht draíochta the Hermetic Order of the Golden Dawn, ina raibh Yeats mar bhall. Bhí beirt pháistí aici féin agus Millevoye idir 1893 agus 1895. Níor mhair ach an dara páiste Iseult Gonne.

Níos déanaí phós Gonne an t-údar Éireannach-Astrálach, Francis Stuart.

I rith na 1890-adaí, Thaistil Gonne go forleathan i Sasana, an Bhreatain Bheag, Albain agus na Stáit Aontaithe ag stocaireacht ar son chúis na náisiúnaithe.

Aisteoireacht agus Pósadh cuir in eagar

Ghlac Gonne an príomhpháirt i ndráma Yeats Cathleen Ni Houlihan i mí Aibreáin 1902, mar Cathleen nó “seanbhean Éireannach” a caoineann dá ceithre cúige a ghabh an coilíneach Sasanach. Sa bhliain chéanna chuaigh sí isteach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Dhiúltaigh sí go leor tairiscintí Yeats chun pósadh mar shíl sí nach raibh sé sách náisiúnach agus de bhrí nach raibh sé sásta iompú ina Chaitliceach Rómhánach.

Phós sí Seán Mac Giolla Bhríde (Major John MacBride) i bPáras i 1903.[4] An bhliain dár gcionn rugadh mac leo darbh ainm Seán.

Theip ar an bpósadh, áfach agus d’fhill a fear céile ar Éirinn agus fuair sí colscaradh uaidh.

 
Maud Gonne, 1900

Polaitíocht cuir in eagar

Sa bhliain 1897 d’eagraigh sí in éindí le Yeats agus Art Ó Gríofa agóidí i gcoinne iubhaile diamaint na Banríona Victoria.

Bhunaigh sí Inghinidhe na hÉireann um Cháisc 1900, nó cumann réabhlóideach na mban. Níor cuireadh fáilte roimh na mná i gcumainn náisiúnacha ina raibh an lámh in uachtar ag na fir. Ghlac sí Naomh Bríd mar phátrún ar an eagraíocht. Bhí Gonne i gcoinne an Rialtais Dúchais agus i bhfabhar neamhspleáchas iomlán. D’eagraíodar clár oibre de sainghníomhaíochtaí cultúrtha Éireannacha agus chur siad féinfheasacht náisiúnach chun cinn.

Ó 1908 ar aghaidh d’fhoilsigh an ghluaiseacht iris darbh ainm Bean na hÉireann.

D’ionsúigh Inghinidhe na hÉireann isteach i gCumann na mBan, cúntóirí ban in Óglaigh na hÉireann, i 1914. Thoiligh roinnt ball ceardchumainn dul isteach in Arm Cathartha na hÉireann. I rith na tréimhse sin chuidigh Inghinidhe na hÉireann le polaitiú glúin ban Éireannach agus ghlac go leor acu páirt in Éirí Amach 1916.

Níor ghlac Maud Gonne páirt in Éirí Amach 1916 agus d’fhan sí i bPáras go dtí 1917. Lean sí ar aghaidh sa tréimhse seo leis na hirisí Bean na hÉireann agus L’Irlande Libre.

Gabhadh í i mBaile Átha Cliath i 1918 agus bhí sí imtheorannaithe i bPríosún Holloway i Sasana ar feadh sé mhí. I rith Chogadh na Saoirse d’oibrigh sí le Cros Bhán na hÉireann chun cuidiú le híospartaigh foréigin. I 1921 sheas sí in éadan an Chonartha ar thaobh na bPoblachtánach.

Bé Yeats cuir in eagar

Is iomaí dán le Yeats atá spreagtha aici, nó a bhfuil sí luaite iontu, ar nós This, This Rude Knocking. Scríobh sé na drámaí "The Countess Cathleen agus Cathleen Ní Houlihan" di. Críochnaíonn an dán Aedh wishes for the "Cloths of Heaven" le tagairt di.:

I have spread my dreams under your feet; Tread softly because you tread on my dreams.

Is beag file a rinne ceiliúradh ar áilleacht ban an méid a rinne Yeats sna dánta liriciúla faoi Gonne. Óna dhara leabhar go dtí Last Poems, léiríodh í mar Rose, Héilin na Traí (in No Second Troy), Corp Leda (Leda and the Swan), Cathleen Ni Houlihan, Pallas Athene agus Deirdre.

Dírbheatháisnéis cuir in eagar

 
Uaigh Maud Gonne MacBride i Reilig Ghlas Naíon.

D’fhoilsigh Maud Gonne MacBride a dírbheathaisnéis sa bhliain 1938, dár dteideal "A Servant of the Queen", tagairt a bhí anseo d’fhís a bhí aici sheanbhanríon Éireannach, Caitlín Ní hUallacháin.

Bhí a mac gníomhach i gcúrsaí polaitíochta in Éirinn agus sna Náisiún Aontaithe. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i 1974.

Fuair Maud bás ar an 27 Aibreán 1953 i gCluain Sceach in aois 86 agus cuireadh í i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “GONNE MACBRIDE, Maud (1886–1953) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. RIA (2020-03-11). "Seachtain na Gaeilge: Maud Gonne MacBride" (ga-IE). Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  3. "MacBride, (Edith) Maud Gonne | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  4. Ba fear míleata é, i gceannas ar Bhriogáid Éireannach sa Transvaal (Irish Transvaal Brigade) in aghaidh na mBriotanach i nDara Cogadh na mBórach. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1916 in éineacht le Séamas Ó Conghaile srl.