Is éard is meaisínghunna ann ná gunna a scaoileann piléir de chalabra raidhfil le fothú uathoibríoch armlóin agus timthriall uathoibríoch scaoilte.

Infotaula d'armaMeaisínghunna
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
M2 de chuid John Browning

Is féidir leis scaoileadh go huathoibríoch marthanach, gan le déanamh ag an ngunnadóir ach méar a choimeád ar an truicear agus déanamh deimhin de go bhfuil dóthain armlóin ar fáil. I lár an 19ú céad a tháinig meaisínghunnaí ilbhairille chun cinn, cosúil le gunna Gatling. I 1883 rinne an ceapadóir Hiram Maxim gunna uiscefhuaraithe a bhain úsáid as an bhfórsa frithbhuailte chun an cartús ídithe a chaitheamh amach, ceann nua a chur sa seomra, an craosbhloc a dhúnadh, agus scaoileadh — an timthriall uile uathoibríoch.

Marfach amach is amach, ionas gur chuir sé athruithe bunúsacha ar chogaíocht na dtrínsí sna cogaí domhanda is eile. Le himeacht ama tá saghsanna níos éadroime, aer-fhuaraithe ann, cosúil le gunna Bren na mBriotanach agus MG 34 na nGearmánach. Tá raidhflí an-éadroma ionsaithe in ann scaoileadh go huathoibríoch marthanach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Meaisínghunna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 443.