Is sraith chluiche ríomhaire Sheapánach déanta ag Atlus é Megami Tensei (女神転生 "Athionchollú an Bhandé"). Megaten go gairid. Tosaíodh an branda sa tSeapáin sa mbliain 1987 leis an gcluiche Digital Devil Story: Megami Tensei. Tá carn fo-shraitheanna foilsithe ag Atlus agus Sega fé bhranda Megami Tensei, dírithe ar chluichí rólimeartha.

Megami Tensei

Cineálsraith físchluichí Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arDigital Devil Story (en) Aistrigh
Seánrafíschluiche rólimeartha agus cyberpunk video game (en) Aistrigh
Saintréithe teicniúla
ArdánGame Boy (en) Aistrigh, MSX (en) Aistrigh, Nintendo DS (en) Aistrigh, Sony PlayStation, PlayStation 2, PlayStation Portable (en) Aistrigh, Super Nintendo Entertainment System (en) Aistrigh, Nintendo 3DS, TurboGrafx-16 (en) Aistrigh agus Nintendo Switch
Foireann
Forbróir(í)Atlus
EagarthóirNamco (en) Aistrigh
Atlus
Sega Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinshin-megamitensei.jp (an tSeapáinis) Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditMegaten Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: megaten_atlus Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an tsraith bunaithe ar dtús ar Digital Devil Story, sraith ficsean eolaíochta scríobhtha le Aya Nishitani, agus tagann ainm na sraithe ó fhotheideal an chéad leabhair. Is iontrálacha neamhspleácha iad formhór na gcluichí, lena gcuid scéalta agus carachtair fhéin. I measc na n-eilimintí athfhillteacha tá téamaí plota, críocha difriúla bunaithe ar roghanna an imreora, agus créatúir (deamhain, Persona) ag troid agus ag cuidiú leis an imreoir i gcath. Baintear úsáid as gnéithe fealsúnachta, reiligiúin, asarlaíochta agus ficsean eolaíochta sa tsraith.

Cé nach bhfuil an clú céanna mar atá ar Final Fantasy agus Dragon Quest air, tá an-tóir air sa tSeapáin agus sa domhain Eora-Mheiriceánach. Tá cáil tuillte ag an tsraith as a cuid ealaíonta, a himirt chrua, agus a ceol. Ach tá conspóid tarraingthe aici as ábhar aibí, téamaí dorcha, agus úsáid a bhaint as íomhánna reiligiúnacha. Foilsíodh manga, scannáin anime, agus sraitheanna teilifíse fé bhranda Megami Tensei leis.

Stair cuir in eagar

Príomhshraith cuir in eagar

Cuireadh dhá iontráil amach ar Famicom: Digital Devil Story: Megami Tensei i 1987, agus Digital Devil Story: Megami Tensei II i 1990. Níl aon bhaint idir scéalta an dá theidil, nár thosaigh an dá cheann acu meicnic bhunúsach imeartha na sraithe. Cuireadh dhá iontráil amach Super Famicom : Shin Megami Tensei i 1992, agus Shin Megami Tensei II i 1994.

Cuireadh Shin Megami Tensei III: Nocturne amach in 2003 ar PlayStation 2. Cuireadh an chéad iontráil eile, Shin Megami Tensei: Strange Journey, amach in 2009 sa tSeapáin agus 2010 i Meiriceá Thuaidh ar Nintendo DS. Cuireadh Shin Megami Tensei IV amach ar Nintendo 3DS in 2013 sa tSeapáin agus i Meiriceá Thuaidh, agus bliain ina dhiaidh san san Eoraip mar eisiúint dhigiteach. Cuireadh cluiche eile atá suite sa chruinne céanna, Shin Megami Tensei IV: Apocalypse, amach ar 3DS i mí Feabhra 2016 sa tSeapáin. Cuireadh Shin Megami Tensei V amach ar Nintendo Switch in 2021.

Persona cuir in eagar

Is é Persona an mac-shraith is mó ó Megami Tensei. Cuireadh an chéad iontráil, Megami Ibunroku Persona, amach sa tSeapáin agus i Meiriceá Thuaidh i 1996. Cuireadh Persona 2 Innocent Sin, amach sa tSeapáin i 1999. Agus an dara cluiche, Persona 2 Eternal Punishment, in 2000. Cuireadh Persona 3 amach in 2006 sa tSeapáin, 2007 i Meiriceá Thuaidh, agus in 2008 san Eoraip. Cuireadh Persona 4 amach, in 2008 sa tSeapáin agus i Meiriceá Thuaidh, agus in 2009 san Eoraip. Cuireadh an cúigiú iontráil, Persona 5, amach sa tSeapáin in 2016, agus in 2017 i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Chomh maith leis na príomhchluichí Persona, tá mac-chluichí, dírithe go dtí seo ar Persona 3, 4 agus 5.Persona Q: Shadow of the Labyrinth agus Persona Q2: New Cinema Labyrinth. Persona 4 Arena agus Arena Ultimax. Agus cluichí rithime Persona 4: Dancing All Night, Persona 3: Dancing in Moonlight, agus Persona 5: Dancing in Starlight.

Tagairtí cuir in eagar