Michael Bloomberg

fear gnó agus polaiteoir Meiriceánach; 108ú méara Chathair Nua-Eabhrac

Is fearr gnó, polaiteoir agus daonchara Meiriceánach é Michael Rubens "Mike" Bloomberg (a rugadh ar 14 Feabhra 1942). Bunaitheoir Bloomberg L.P. atá ann. Is é an 108ú méara ar Chathair Nua-Eabhrac é agus an 20ú méara ó comhdhlúthaíodh buirgí na cathrach sa bhliain 1898.

Infotaula de personaMichael Bloomberg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michael Rubens Bloomberg
14 Feabhra 1942
82 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach C40 Cities Climate Leadership Group (en) Aistrigh
2010 – 2013
← David MillerEduardo Paes →
108 Méara Nua Eabhrac
1 Eanáir 2002 – 31 Nollaig 2013
← Rudy GiulianiBill de Blasio → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas agus Giúdachas Leasaitheach
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Ghnó Harvard - Máistreacht sa Riarachán Gnó (–1966)
Ardscoil Medford
Ollscoil Johns Hopkins - Innealtóireacht leictreach (–1964)
Hebrew school (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheManhattan
Allston
Brookline, Massachusetts
Medford
Teanga dhúchaisBéarla
Meáchan165 lb
Airde5.7 ft Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreRialú gunnaí
Gairmduine den lucht gnó, trádálaí, bainisteoir bainc, scríbhneoir, polaiteoir, eitleoir, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSalomon Brothers (en) Aistrigh
Bloomberg Family Foundation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách (2007–)
Páirtí Poblachtach (2001–2007)
Páirtí Daonlathach (–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Glanfhiúchas55,500 M$ (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSusan Brown (1975–1993) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíDiana Taylor Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGeorgina Bloomberg
 ( Susan Brown)
Emma Bloomberg
 ( Susan Brown) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Henry Bloomberg  agus Charlotte Bloomberg
SiblínMarjorie Tiven
Síniú

Suíomh gréasáinmikebloomberg.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0089255 Allocine: 205849 Rottentomatoes: celebrity/michael_r_bloomberg Allmovie: p517825 TV.com: people/michael-bloomberg IBDB: 494901
Facebook: mikebloomberg Twitter: MikeBloomberg Instagram: mikebloomberg LinkedIn: mikebloomberg Cuir in eagar ar Wikidata

A luathshaol cuir in eagar

Rugadh agus tógadh i dteaghlach Giúdach i Medford, Massachusetts, bruachbhaile de chuid Bhostúin, é. Gasóg Iolair atá ann. D'fhreastail sé ar Ollscoil Johns Hopkins, mar ar chuir sé isteach ar Phi Kappa Psi agus bhain sé amach céim Baitsiléir Eolaíochta in Innealtóireacht Leictreonaice sa bhliain 1964. Níos déanaí bhain sé amach Máistir Riaracháin Ghnó ó Scoil Ghnó Harvard.

A shaol gnó cuir in eagar

 
Michael Bloomberg agus a bhanchara reatha, Diana Taylor, ag gála Time 100 sa bhliain 2006. Tháinig an pictiúr seo ón bhfísbhlag "Rocketboom".

Bhí sé ina pháirtí ginearálta ag Salomon Brothers, banc infheistíochta, mar a raibh sé i mbun trádáil cothromais agus níos déanaí forbairt córais. Chuir sé a mhaoin sa chomhlacht féin, Bloomberg L.P., ag díol teirminéal eolais airgeadais le Wall Street. Teirminéil Bloomberg a thugtar orthu seo. Thosaigh an comhlacht stáisiún raidió i Nua-Eabhrac.

De réir an irisleabhair Forbes is é Bloomberg an 7ú duine is saibhre sna Stáit Aontaithe agus an 13ú duine is saibhre ar domhan é. Measadh $31bn a bheith aige.[1]

Scríobh sé féinbheathaisnéis dar theideal Bloomberg by Bloomberg sa bhliain 1997 (ISBN 0-471-15545-4).

A shaol polaitiúil cuir in eagar

Bhí Bloomberg ina bhall den Páirtí Daonlathach ach sheas sé mar iarrthóir den Pháirtí Poblachtach sa toghchán ar son méara. Bhuaigh Bloomberg i gcoinne Herman Badillo sa réamhthoghchán Poblachtach. Toghadh ar an gcéad uair ar 6 Samhain 2001 é nuair a fuair sé an bua ar Mark J. Green agus arís ar 8 Samhain 2005. Sheas sé don tríú téarma mar mhéara sa bhliain 2009, rud conspóideach mar bhí méaraí Nua-Eabhrac teoranta do dhá théarma. D'athraigh Comhairle na Cathrach an dlí ar 8 Deireadh Fómhair 2008 agus bhí Bloomberg ábalta dul ar aghaidh lena fheachtas atofa. Sheas sé mar iarrthóir an Páirtí Phoblachtaigh agus an Pháirtí Independence. Conspóid eile é ainmniúcháin an dara páirtí seo mar gheall ar íocaíochtaí de luach $600,000 an ceann a thug sé dóibh.[2] Atoghadh é agus 50.7% de na vótaí aige. Tháinig a tríú téarma chun deiridh ar an 1 Eanáir 2014 nuair a ghlac Bill de Blasio mionn na hoifige mar mhéara Chathair Nua-Eabhrac.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Próifíl ag Forbes' (arna rochtain ar 28 Samhain 2013
  2. "Bloomberg's Independence (Pay)Day" Elizabeth Benjamin in Daily News (Nua-Eabhrac), January 25, 2010 [1] Curtha i gcartlann 2010-01-30 ar an Wayback Machine arna rochtain ar 17 Aibreán 2010