Michael Oher

peileadóir Meiriceánach

Is imreoir peile Meiriceánaí é Michael Oher leis an Baltimore Ravens. Rugadh é ar 28 Bealtaine 1986 i dTennessee.

Infotaula de personaMichael Oher

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Bealtaine 1986
37 bliana d'aois
Memphis, Tennessee, Tennessee Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBriarcrest Christian School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan142 kg
Airde200 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtOffensive tackle (en) Aistrigh
Uimhir spóirt74
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Tennessee Titans (en) Aistrigh
Ole Miss Rebels football (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm3775845 Facebook: MichaelOher Twitter: MichaelOher Instagram: michaeloher Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bhí sé óg, bhí a lán fadhbanna ag a gclann. Thóg a mham drugaí agus bhí a dhaid i bpríosún ar feadh i bhfad. Chuaigh Michael go dtí aon scoil déag sula raibh sé trí bliana déag d'aois. Nuair a bhí Oher seacht mbliana, cuireadh faoi churam altrama ach níor fhan sé le teaghlach ar bith. Bhí sé gan dídean ó am go ham. Bhí sé iontach ar spórt. D'imir sé cispheil, peil Mheiriceánach agus discus. Ní raibh a lán oideachais aige agus bhí sé dian air freastal ar scoil. D'fhaigheadh sé F nó D ina chuid scrúduithe. Bhuail sé le Sean agus Leigh-Anne Tuohy i 2004, beirt thuismitheorí a raibh páistí acu i scoil Mhichíl. D'fhan Michael leis an chlann agus ghlac na Tuohy's é tar éis tamaill. Fuair sé teagascóir agus d'athraigh sé na Danna go hAnna. Chuaigh sé go dtí Ollscoil Tennessee agus d'imir sé ar an bhfoireann peile Meiriceánaí, Ole Miss Rebels. Phioc na Baltimore Ravens é sa bhliain 2009 i ndréacht an NFL. Bhuaigh seisean agus a fhoireann an Superbowl sa bhliain 2012.

Rinneadh scannán de shaol Michael Oher, The Blind Side, a scaoileadh sna hamharclanna sna Stáit Aontaithe ar 20 Samhain 2009. Quinton Aaron a rinne páirt Michael Oher, in éineacht le Sandra Bullock agus Tim McGraw mar an chúpla a d'uchtaigh é. Ainmníodh The Blind Side do Academy Awards sna catagóirí Best Picture agus Best Actress. Fuair Bullock Oscar as a ról mar Leigh Anne Tuohy.