Micheál Mac Gréil

sagart agus scoláire Éireannach

Socheolaí, taighdeoir, Íosánach, agus fear feachtais ar son an chirt shóisialta agus ar son na Gaeilge ab ea an tAthair Micheál Mac Gréil, S.J. (23 Márta 193121 Eanáir 2023).[1][2][3][4]

Infotaula de personaMicheál Mac Gréil

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1931
Bás21 Eanáir 2023
91/92 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, socheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhCumann Íosa

Saol cuir in eagar

 
2013

Óige cuir in eagar

 
oilithreacht Mhám Éan

I gCluain na Slí i gContae Laoise a rugadh Micheál Mac Gréil i 1931. Ach is in aice le Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo a d’fhás sé aníos agus is ansin a fuair sé a chuid scolaíochta ó na Bráithre Críostaí. I 1950 chuaigh sé isteach sna Fórsaí Cosanta mar oifigeach agus chaith sé naoi mbliana leo. Ansin chinn sé tabhairt faoin staidéar mar ábhar sagairt le hOrd na nÍosánach.

Agus é i mbun staidéir chaith sé tamall i gColáiste na nGael i Leuven na Beilge, tamall in Ollscoil Kent State in Ohio Mheiriceá agus in ionad léinn na nÍosánach i bPáirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Oirníodh ina shagart in ord na nÍosánach é i 1969 agus lean sé lena chuid staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar ar thuill sé dochtúireacht sa tsocheolaíocht.

Taighde cuir in eagar

Ag léachtóireacht sa tsocheolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad a bhí sé i 1971 nuair a rinne sé trí shuirbhé cheannródaíocha ar an gclaontacht agus an chaoinfhulaingt sa tír seo, taighde a foilsíodh i 1978 ina leabhar tábhachtach Prejudice And Tolerance in Ireland, leabhar ar ar bronnadh duais chuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs.

Sa bhliain 2007 foilsíodh a thuarascáil ‘The Irish Language and the Irish People’, inar léiríodh go raibh leibhéal ard tacaíochta d’athbheochan agus caomhnú na Gaeilge le fáil ó dhaoine a d’fhreagair an suirbhé, iad siúd a rugadh in Éirinn agus daoine a bhí tar éis teacht thar loch isteach. Ba é an tAthair Mac Gréil a bhí taobh thiar den eagraíocht Feachtas, grúpa do dhaoine óga, arbh é an sprioc a bhí leis deis a thabhairt dóibh Gaeilge a labhairt lena gcairde ag imeachtaí sóisialta is spraoi.

In 2010 foilsíodh The Emancipation of the Travelling People inar áitigh Micheál Mac Gréil go raibh an leithcheal a bhíothas a dhéanamh ar an lucht taistil ar cheann de “na húdair náire ba mhó ag an stát seo ó fuair sé a neamhspleáchas 86 bliain roimhe sin”.

Feachtasóir cuir in eagar

Ba mhinic a labhair Mac Gréil faoin ngá a bhí ann an córas pionósach sa tír a leasú agus ba mhór aige freisin díchoiriúlú na homaighnéasachta.

Mhúscail sé spéis i gcás an Lucht Siúil in Éirinn agus i saibhreas a gcultúir agus an droch-chaoi a gcaitear leo sa tsochaí.

Bhí sé i mbun feachtais leis an mbóthar iarainn ó Chúil Mhuine i Sligeach go Luimneach a athoscailt.

Creideamh cuir in eagar

Bhí an tsagartóireacht an-tábhachtach dó. Chreid sé go mór go bhfuil saol eile ann tar éis an chinn seo. Bhí luí mór aige leis an gcreideamh traidisiúnta agus is é sin a thug air tabhairt faoi athbheochan a dhéanamh ar oilithreacht Mhám Éan in aice an Mháma i gConamara. Ba as ceantar an Mháma dá mháthair agus ceangal dlúth aige le muintir na háite.

Gaeilge cuir in eagar

I gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i Maigh Eo, rinne sé "obair as pabhar" don Ghaeilge.[5] Bhunaigh sé "Feachtas" sna 1970idí.

D'fhoilsigh sé taighde an-tábhachtach maidir le tuairimí an phobail faoin nGaeilge agus a gcumas sa teanga chéanna, sa bhliain 2007-2008, The Irish Language and the Irish People, a report on attitudes towards the Irish language in Ireland.

Foilseacháin cuir in eagar

  • A psycho-socio-cultural theory of prejudice: As tested in data collected from selected samples in the Philadelphia and Cleveland metropolitan areas (1966)
  • Community In The Making (1970)
  • Prejudice And Tolerance In Ireland (1978) - duais Christopher Ewart-Biggs
  • The Sligo-Limerick Railway: a Case for Its Restoration (1981)
  • Memoirs, 1911-86 James Horan (1992)
  • Prejudice in Ireland Revisited leis an Aonad Suirbhéireachta agus Taighde, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad (1996)
  • Quo Vadimus. Cá Bhfuil Ar dTriall?/Where are We going? (1998)
  • Report on Religious Attitudes in Ireland (2007-2008)
  • The Irish Language and the Irish People, a report on attitudes towards the Irish language in Ireland (2007-2008).
  • The Emancipation of The Travelling People (2010)
  • Pluralism and Diversity in Ireland: Prejudice and Related Issues in Early 21st Century Ireland (2012)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Patsy McGarry, Éanna Ó Caollaí (Eanáir 2023). "Sociologist Fr Micheál Mac Gréil dies in Co Mayo" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-01-25.
  2. Rebecca Laffan (2023-01-21). "'Great and enthusiastic campaigner' Fr Micheál Mac Gréil dies, aged 91" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-01-25.
  3. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2023-01-25.
  4. Éamon Ó Cuív (23 Eanáir 2023). "Micheál Mac Gréil – laoch agus cara na mílte ar lár" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-25.
  5. Conradh na Gaeilge (Eanáir 2023). "Bás an Athar Micheál Mac Gréil" (ga-IE). Instagram. Dáta rochtana: 2023-01-25.