Micreascópacht tóireadóir scanta

Craobh den mhicreascópacht is ea micreascópacht tóireadóir scanta. Tá raon micreascóp éagsúil ann anois atá bunaithe ar theicníocht ina ndéantar dromchla samplach a iniúchadh le barr tóireadóra a scantar i leith an dromchla sin.

Sa mhicreascóp tollánach scanta (STM) is iad na leictreoin thollánacha istigh sa dromchla seoltach a dhéanann an íomhá. I micreascóp fórsa adamhaigh (ATM) is é an fórsa ar bharr an tóireadóir scanta ag gach pointe de dhromchla seoltach nó neamhsheoltach a íomháítear. Déantar airíonna dromchlacha maighnéadacha is leictreacha a thréithriú is a íomháú ach cinn brata chuí a úsáid sa scanadh.

Mar shampla, i micreascópacht poitéinsil leictrigh scanta (SEPM) úsáidtear tóireadóir brata le platanam chun an dromchla is a bhfuil air a mhapáil. I micreascóp optúil neasréimse scanta, faightear íomhánna optúla le taifeach 10 nanaiméadar nó mar sin ach úsáid a bhaint as solas ó shnáithín an-mhín chun an dromchla a scanadh, rud a sheachnaíonn teorainn an díraonta a tharlaíonn i ngnáthmhicreascóip de bhrí go bhfágann an léas solais an snáithín an-ghar don dromchla samplach.

Úsáidtear micreascóip scanta in an-chuid feidhmeanna: seiceáil slisní leathsheoltóra is dioscaí optúla le linn a ndéanta, breathnú ar chealla, próitéiní, baictéir is víris in situ. Cheap Binnig, Quate is Gerber an teicníocht micreascópachta seo le tóireadóir scanta i 1986.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Micreascópacht tóireadóir scanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.