Brainse den leictreonaic a bhaineann le táirgeadh is úsáid micrichiorcad, ciorcaid leictreonacha mhiondealbhaithe le trasraitheoirí bídeacha, ciorcaid iomlánaithe bhídeacha, agus comhbhaill bhídeacha eile ar mhicrishlisne amháin. Úsáidtear ciorcaid mar seo i ríomhairí, teileafóin iniompartha, córais teileachumarsáide, agus an iliomad feidhmeanna eile sa bhaile, an oifig, an gluaisteán is eile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Micrileictreonaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.