Tom spíonach duillsilteach is ea miorr, atá dúchasach don Afraic agus iarthar na hÁise. Na duilleoga ubhchruthach nó níos leithne os cionn na meánlíne. Na bláthanna bídeach, agus baineannaigh is fireannaigh ar phlandaí difriúla. I gcuid mhaith speiceas ó oirthear na hAfraice is an Araib, úsctar roisín cumhra a dtugtar miorr air, a úsáidtear i dtúis is cumhráin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Miorr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.