Is éard atá i gceist leis an miotalóireacht[1] ná teicníochtaí is eolaíochtaí eastósctha miotal ó mhianaigh, á malartú, go minic mar chóimhiotail le miotail eile, go dtí foirmeacha áisiúla, agus ag déanamh amach na gcoinníollacha is fearr lena gcumadh. Ceird ársa, ach athraíodh na modhanna traidisiúnta ó bhun sa dara cuid den 19ú céad trí cheimic, fisic is micreascópacht. Is cuid lárnach di anois na hathruithe a tharlaíonn do mhiotail le linn cumtha is cóireála, agus an cheimic is an fhisic is gá chun bac a chur ar chreimeadh. Gné thábhachtach eile is ea tástáil is iniúchadh na struchtúr éagsúil miotalach is iad i bhfeidhm.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): miotalóireacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Miotalóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.