Is feidhmchlár é Miro (ar a ghlaodh Democracy Player tráth) lenar féidir breathnú ar fhíseáin ar an ngréasán domhanda. D'fhorbair eagras darbh ainm an Participatory Culture Foundation é. Creideann siad gur chóir go mbeadh saoirse ag gach duine pé rud is mian leo a fheiceáil, a fheiceáil.

Miro
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcliant BitTorrent Cuir in eagar ar Wikidata
Leagan bogearraí
6.0 (5 Aibreán 2013) Cuir in eagar ar Wikidata
CeadúnasCeadúnas Ginearálta Poiblí GNU Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Córas oibriucháinMicrosoft Windows
Scríofa iPython
Leabharlann
an comhéadan feidhmchláir
GTK Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáingetmiro.com (ilteangacha) Cuir in eagar ar Wikidata

Feidhmíonn sé ar Microsoft Windows, Mac OS X, agus Linux. Seinneann sé formhór na comhaid fhíse atá ann agus seinneann sé comhaid ardghléine freisin. Tá an suíomh www.getmiro.com aistrithe go Gaeilge agus tá Miro féin aistrithe go Gaeilge.

Tá Miro ar fáil saor in aisce le ceadúnas Ceadúnas Coitianta Poiblí GNU.

Gnéithe cuir in eagar

Is féidir le Miro físeáin a íosluchtú go huathoibríoch ó bhealaí RSS-bhunaithe, iad a bhainistiú agus iad a sheinm. Seinneann Miro na comhaid fhíse seo a leanas: Quicktime, WMV, MPEG, AVI agus XVID. Is féidir leis plé le comhaid BitTorrent.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar