Gaoth láidir fhuar a bhíonn coitianta i ndeisceart na Fraince. Tosaíonn sí sa Massif Central, agus séideann síos gleann an Rhône idir an Massif Central is Alpa na Fraince. Nuair a tharlaíonn sí san earrach, is féidir léi dochar a dhéanamh do bharra luatha. Tá gaoth cosúil leis an mistral, an bóra, a shéideann ar chósta Aidriadach na Cróite. Gaotha catabatacha is ea an dá cheann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mistral". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.