Mo Bhealach Féin

úrscéal le Seosamh Mac Grianna

Scríobh an t-úrscéalaí Seosamh Mac Grianna an leabhar dírbheathaisnéiseach Mo Bhealach Féin,[1] a tháinig amach in 1940 (foilsithe i mBéarla mar "This Road of Mine" sa bhliain 2021)[2][3] Is cur síos é ar fhánaíocht Sheosaimh féin ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire, faoi thionchar na scéalta faoin bhfánaíocht a chum Pádraic Ó Conaire sna 1910-1920idí.[4]

WD Bosca Sonraí LeabharMo Bhealach Féin
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSeosamh Mac Grianna Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireann sé síos ar a aistear ar an ghannchuid ó lóistín go lóistín i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus ar an dara siúlóid mhór a rinne sé ina aonar sa Bhreatain Bheag. Inbhreathnú agus féin-scrúdú atá ann, agus ní bhíonn sa radharcra go minic ach cúlra nó stáitse don dóigh a bhfuil Mac Grianna ag déanamh staidéir ar imeachtaí a intinne. Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine fágtha ar casadh ina measc é.[5]

Má bhítear ag dul ar lorg chéad chomharthaí an ghalair intinne a chuir deireadh le caithréim scríbhneoireachta Sheosaimh i lár na dtríochaidí, beidh siad le haithint i bhfad níos soiléire ar an leabhar áirithe seo ná ar an "Ruball".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Bealach Mhic Ghrianna: Treoir don leabhar Mo Bhealach Féin - Cló Iar-Chonnacht" (ga-IE) (2020-10-30). Dáta rochtana: 2023-06-10.
  2. Séamus Mac Grianna (2020-08-19). "Mo Bhealach Féin as Béarla" (ga-IE). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2023-06-10.
  3. "Seosamh Mac Grianna: This Road of Mine" (en-IE). The Lilliput Press (2021-12-08). Dáta rochtana: 2023-06-10.
  4. mar shampla, Deoraíocht, 1910, Mór thimpeall na hÉireann, ar muir, 1925 srl
  5. Seosamh Mac Grianna (1940). "Mo Bhealach Féin" (ga-IE). An Gum. Dáta rochtana: 2023-06-10.