Cathair i nGleann LaTrobe agus i réigiún Gippsland san Astráil is ea Moe (fuaimniú: /ˈmoʊ.i/). Tá sí suite thart ar 135 km thoir ón phríomhchathair Melbourne, agus de réir an daonáirimh sa bhliain 2006, bhí 15,582 duine ina gcónaí sa chathair.[1] Is chuid de Chomhairle Cathrach LaTrobe é ceantar Moe. Tugadh ‘The Mowie’ ar Moe ar dtús, agus ‘Little Moi’ ina dhiaidh sin. Creidtear gur tháinig an t-ainm ó fhocal Kurnai, an teanga Bhundúchasach áitiúil, a chiallaíonn ‘seascann’ nó ‘corcach’.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMoe

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°10′30″S 146°15′47″E / 38.1749°S 146.263°E / -38.1749; 146.263
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,778 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMoe - Newborough (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde76 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3825 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Fuarthas ór sa cheantar seo sa bhliain 1852, agus d'úsáidtí an lonnaíocht mar stad ar an mbealach go dtí na ceantracha óir in Walhalla. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 17 Márta 1862. Cruthaíodh Sír Narracan sa bhliain 1878, an bhliain chéanna a tháinig an t-iarnród ó Morwell. Rinneadh suirbhé ar an mbaile sa bhliain 1879, agus fógraíodh Moe in chathair in 1963.

Aeráid cuir in eagar

Moe (Willow Grove - Blue Rock Reservoir) – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 42.5 43.0 37.7 32.5 26.5 22.5 20.2 24.5 26.5 32.3 37.0 39.6 43.0
Meán-uasteocht an lae (°C) 26.3 26.3 23.3 19.8 16.2 13.7 13.1 14.2 16.1 18.7 21.3 23.8 19.4
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 13.1 13.3 11.4 9.5 7.6 5.5 4.7 5.0 6.2 7.9 9.9 11.3 8.8
Teocht is ísle (°C) 4.7 6.0 0.5 1.1 1.5 -5.0 -1.2 -1.4 -0.5 0.7 3.0 4.0 −5.0
Meán-bháisteach (mm) 53.1 48.9 49.8 60.2 51.5 59.0 63.7 60.8 79.0 77.9 73.7 64.2 741.9
Foinse: Bureau of Meteorology[2] Eanáir 2011

Tagairtí cuir in eagar

  1. (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Moe-Yallourn (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
  2. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Willow Grove (Blue Rock Reservoir)", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).