Is é an limistéar riaracháin is saibhre i Monacó é Monte Carlo (Ocsatáinis: Montcarles, Monégasque: Monte-Carlu) agus creidtear go hearráideach uaireanta go bhfuil sé ina phríomhchathair, cé nach bhfuil a leithéid ann. Tá clú ar Monte Carlo mar gheall ar a theach cearrbhachais (la Place du Casino), a charasma agus na daoine mór le rá a bhíonn le feiceáil go minic ag siúl a chuid sráideanna.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMonte Carlo

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósSéarlas III, Prionsa Mhonacó agus sliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°44′20″N 7°25′31″E / 43.738942°N 7.425237°E / 43.738942; 7.425237
Stát ceannasachMonacó
Commune of Monaco (en) AistrighComún Mhonacó
Quarter of Monaco (en) AistrighMonte Carlo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla0.28146 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1866
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist98000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2MC-MC Cuir in eagar ar Wikidata
Monte Carlo

Tá daonra buan timpeall ar 3000 daoine ann. Áirítear na comharsanachtaí Saint Michel, Saint Roman/Tenao, agus an trá-bhaile Larvotto freisin mar chuid den limistéar. Tá an baile Francach Beausoleil (ainm roimhe seo ná Haut-Monte-Carlo) in aice le Monte Carlo. Bunaithe sa bhliain 1866, tá bunús Iodálach leis an ainm 'Monte Carlo'; an bhrí atá leis ná 'Sliabh Shéarlais', i gcuimhne ar an bprionsa Charles III Mhonacó. Tá an sliabh seo ina scairp ag bun na nAlp cois na farraige, áit a bhfuil an baile suite. Tá an chuid is mó den 'Circuit de Monaco' reáchtáilte i Monte Carlo, ina mbíonn rásaíocht Fhoirmle a hAon ar siúl, agus is ósteagraíocht é freisin do chluichí dornálaíochta chraobh an domhain, an 'European Poker Tour Grand Final' agus an 'World Backgammon Championship', agus araile. D'ainneoin a ainm, tionóltar an Monte Carlo Masters (craobhchluiche idirnáisiúnta leadóige) trasna na teorann sa Fhrainc.

Is ceann de phríomhionaid saoire na hEorpa é Monte Carlo, cé go bhfuil an chuid is mó de na háiteanna is mó tóir orthu i gceantracha eile i Monacó, lena n-áirítear Ardeaglais Mhonacó, Iarsmalann Napoleon, an Iarsmalann Aigéaneolaíochta (lena hiasclann) agus Pálás an Phrionsa, iad seo uilig lonnaithe i Monacó-Ville.

Tagairtí cuir in eagar

 
Calafort Mhonte Carlo