I mbliain ar leith, comhairítear an líon naíonán i bpobal a fhaigheann bás taobh istigh den chéad bhliain d'aois, roinntear é ar líon iomlán na mbreitheanna, agus is é sin an ráta mortlaíocht naíonán don bhliain sin. Is tomhas maith é ar shláinte an phobail sin mar, nuair a bhíonn caighdeáin sláinteachais, sláintíochta is cothaithe íseal, faigheann an-chuid naíonán bás de bharr gastaireintrítis is ionfhabhtuithe scamhóg. Maidir le báis taobh istigh den chéad seachtain, tagann fachtóirí réamhbheireatais san áireamh chomh maith le héalanga ó bhroinn, réamhaibíocht, agus gortuithe le linn na breithe. Úsáidtear an ráta mortlaíocht imbhreithe chun na báis seo a thomhas: líon na naíonán a fhaigheann bás taobh istigh den chéad seachtain, suimithe le líon na marbh-bhreitheanna, roinnte ar líon iomlán na mbreitheanna. Bíonn gaol láidir idir mortlaíocht imbhreithe is meáchan íseal breithe, agus braitheann sé sin ar chothú bocht, bochtanas, toircheas iolrach, agus an mháthair a bheith ag caitheamh toitíní le linn toirchis. Tagann caighdeáin an chúram réamhbhreithe, an chnáimhseachais, agus na n-áiseanna atá ar fáil do leanaí beaga is réamhaibí go mór san áireamh freisin. Tá an dá ráta seo ag titim sna tíortha forbartha le 100 bliain le feabhsuithe eacnamaíocha is sóisialta, arduithe i gcaighdeáin sláinte phobail, agus forbairtí teicniúla sa mhíochaine.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mortlaíocht naíonán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.