Is eagraíocht sheachbhrabúsach í Movyans Skolyow Meythrin (MSM) (Gaeilge:Gluaiseacht Naíscoileanna) a bhunaigh Rhisiart Tal-e-bot, atá ina stiúrthóir reatha freisin, ó 2009 i leith. Bunaithe i Kolji Kernow (Gaeilge: Coláiste an Choirn) i Kammbronn, agus tá sé mar aidhm aici an Choirnis a scaipeadh i measc leanaí beaga agus a dteaghlaigh.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaMovyans Skolyow Meythrin
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2009
Bunaitheoir(í)Rhisiart Tal-e-bot Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Uimhir teileafón01209319912 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmovyansskolyowmeythrin.yolasite.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: groups/meythrin Twitter: SkolyowMeythrin Cuir in eagar ar Wikidata

Skol dy'Sadorn Kernewek cuir in eagar

Ag tosú sa bhliain 2009 chuir Skol dy'Sadorn Kernewek (Gaeilge: Scoil Shathairn na Coirnise) naíscoil ar fáil Dé Sathairn do leanaí óga chomh maith le ceachtanna Coirnise do thuismitheoirí ag an am céanna.[2][3][4]

Keur Kernewek cuir in eagar

In 2012 léirigh Tal-e-bot Keur Kernewek (Gaeilge: Cóir Coirnise) , dlúthdhiosca d’amhráin i gCoirnis atá dírithe ar leanaí faoi bhun a 5 bliana d'aois. Rinneadh é seo le cabhair ó Gorsedh Kernow, Comhairle Baile Redruth, DBS Music, Comhpháirtíocht na Coirnise agus an ghrúpa rac-cheoil Coirnise Hanterhir, a léirigh cuid de na rianta, agus thug mic léinn Ollscoil Plymouth i <i>Kolji Kernow</i> cúnamh. Tá 45 rian d’amhráin ghearra Choirnise ar dlúthdhiosca le leabhrán liricí i gCoirnis agus i mBéarla.[5]

Skol Veythrin Karenza cuir in eagar

Is í Skol Veythrin Karenza, a bhunaigh MSM in 2013, le bheith ar an gcéad naíscoil lán - aimseartha Coirnise le stádas cláraithe de chuid Ofsted.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cornish language nursery". Dáta rochtana: 6 October 2014.
  2. "Toddlers get lessons in Cornish" (16 January 2010). Dáta rochtana: 7 September 2014.
  3. "Cornish language creche opened" (January 12, 2010). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 7, 2014. Dáta rochtana: 7 September 2014.
  4. Woolcock (15 January 2010). "Have a good dy: Cornish language is taught in nursery". Dáta rochtana: 7 September 2014.
  5. "CD and booklet have songs in Cornish for pre-school children" (July 12, 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 October 2014. Dáta rochtana: 7 September 2014.
  6. Morton (8 November 2013). "First Cornish language pre-school to open". MA Education Limited. Dáta rochtana: 7 September 2014.