Saothrú iasc muirí, sliogiasc is algaí. Idirdhealaithe ó dhobharshaothrú a chuimsíonn orgánaigh uisce úir is sáile. Comhlachtaí móra atá i mbun cuid mhaith den mhuirshaothrú ar fud an Domhain. I gcásanna áirithe fástar na horgánaigh i gclóis chosanta, ach i gcásanna eile scaoiltear bradáin ó ghorlanna amach sa bhfarraige le súil go bhfillfidh siad do na huiscí céanna blianta ina dhiaidh sin agus go ngabhfar iad ansin. Tá an saothrú sliogiasc rathúil in iarthar na hÉireann is na hAlban, an Fhrainc (oisrí), agus an Spáinn (diúilicíní), na hainmhithe ar fhrámaí crochta san uisce amach ón gcósta. Tá daoine eile ag saothrú sceireacha saorga chun táirgeadh iasc a chur chun cinn i réigiúin neamhthorthúla an chósta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Muirshaothrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 473.