Infrea-ord damhán is ea na Mygalomorphae (nó Orthognatha). Ainmníodh iad as na fiacla, a shíneann díreach síos gan dul trasna ar a chéile (murab ionann is na Araneomorphae).

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMygalomorphae Cuir in eagar ar Wikidata

Missulena bradleyi Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdAraneae
Infrea-ordMygalomorphae Cuir in eagar ar Wikidata
Pocock, 1892

Cuntas cuir in eagar

Tá a lán finte sa ghrúpa seo. Orthu sin tá na tarantúlaí (damháin thoirtiúla le cosa téagartha) agus damháin lín thonnadóraigh na hAstraláise. Ar nós an fho-oird chéadrata Mesolthelae tá dhá phéire leabharscamhóg[1] acu agus fiacla a shíneann síos. Bhíodh na tréithe seo ag sinsir choiteanna na ndamhán go léir, ach tá damháin ann anois a bhfuil fiacla trasghníomhacha acu.

Tá ocht súil ag beagnach gach speiceas de na Mygalomorphae.

 
Fiacla damháin dhuibh ghabhlógaigh (Nemesiidae)

Is mór iad a gcuid fiacla agus tá faireoga nimhe iontu. An géineas Astrálach Atrax amháin a fhéadann dochar a dhéanamh do dhaoine.

Baineann cuid de na damháin is mó toirt leis na Mygalomorphae, ach tá speicis ann atá níos lú ná milliméadar ar fad. Is féidir leo síoda a shníomh atá ceangailteach go leor, agus tógann cuid acu líonta casta atá beagnach méadar ar leithead (Coddington & Levi, 1991).

Is féidir le Mygalomorphae maireachtáil chomh le fada cúig bliana is fiche, agus ní thagann cuid acu in inmhe go dtí go bhfuil siad timpeall sé bliana d’aois.[2] Tá cuileoga de chuid an fhine Acroceridae ar ionpharaisítí iad agus tig leo fanacht suanach sna leabharscamhóga chomh fada le fiche bliain sula dtosaíonn siad ag ithe an damháin.

Dáileadh cuir in eagar

Tá an chuid is mó den infra-ord seo le fáil sna trópaicí agus sna fothrópaicí, ach tá cuid acu le fáil níos faide ó thuaidh. Níl le fáil san Eoraip ach roinnt bheag speiceas agus baint acu leis na finte Atypidae, Nemesiidae, Ctenizidae, Hexathelidae, Theraphosidae agus Cyrtaucheniidae. Deirtear, áfach, go raibh na Mygalomorphae le fáil ar fud an domhain roimh bhriseadh suas Pangaea (Selden et al., 2005b).

Nótaí cuir in eagar

  1. Sórt ball anála is ea an leabharscamhóg a úsáidtear chun gáis atmaisféaracha a mhalartú. Baineann sí le haraicnidí, leithéidí scairpeanna agus damhán. Tá sí le fáil i gcuas tairr sa bholg atá lán d’aer agus poll beag inti. Níl gaol aici le scamhóga na veirteabrach. Is éard atá inti sraitheanna malartacha pócaí aeir agus fíocháin atá lán de heimealiomfa (sreabhán imshruthlaithe ar cosúil le fuil é), rud a chuireann cuma duilleog leabhar uirthi. Féach Foelix, Rainer F. (1996), Biology of Spiders, Oxford University Press US, ISBN 0-19-509594-4, lgh 61–64.
  2. "AboutSpiders" About Spiders

Tagairtí cuir in eagar

Raven, R.J. (1985). The spider infraorder Mygalomorphae: Cladistics and systematics. Bull. Am. Mus. Nat. Hist. 182:1-180.

Coddington, J.A. & Levi, H.W. (1991). Systematics and Evolution of Spiders (Araneae). Annu. Rev. Ecol. Syst. 22:565-592.

Goloboff, P.A. (1993). A Reanalysis of Mygalomorphae Spider Families (Araenae). American Museum Novitates 3056. PDF

Selden, P.A., Corronca, J.A. & Hünicken, M.A. (2005). The true identity of the supposed giant fossil spider Megarachne. Biology Letters 1: 44-48.

Selden, P.A., da Costa Casado, F. & Vianna Mesquita, M. (2005). Mygalomorph spiders (Araneae: Dipluridae) from the Lower Cretaceous Crato Lagerstätte, Araripe Basin, North-east Brazil. Palaeontology 49(4): 817-826.

Naisc sheachtracha cuir in eagar