An chuid den cholainn atá i mbun na codanna éagsúla a rialú is a iomlánú, agus modhanna a chur ar fáil chun gur féidir leis an ainmhí freagairt don timpeallacht athraitheach is a thaobh istigh a choinneail socair ag an am céanna. Cuimsíonn sé na néaróin, agus cealla a thacaíonn leo. Déantar eolas a aistriú idir néarchealla ag sionapsaí trí fhuascailt ábhair tarchuradóra. Déanann sé cumarsáid le fíocháin eile na colainne trí fhuascailt dhíreach ábhair tarchuradóra ar an bhfíochán (de ghnáth i gcomhar le hábhar cabhraitheach éigin eile, cosúil le heinsím) nó trí fhuascailt hormón isteach in imshruthú na fola (go díreach ón néarchóras nó ó fhaireoga eincríneacha faoina stiúir). Maidir le gach gníomhaíocht den néarchóras, bíonn 3 chomhchuid: gníomh céadfach nó glactha, gníomh iomlánaithe, agus gníomh luadrach nó feidhmithe. Sna hardainmhithe, tá an chomhchuid iomlánaithe níos forbartha ná na codanna gníomhartha eile, agus comhdhéanann sí mórchuid an néarchórais. Sa bhfoirm is simplí, mar shampla sna céalantrátaigh, ní bhíonn sa néarchóras ach líonra réscaipthe de chealla idircheangailte. De réir mar a éiríonn an t-ainmhí níos casta, éiríonn an líonra seo níos eagraithe ina chórda fada díreach, bailíonn na néaróga luadracha is na néaróga céadfacha, agus faoi dheireadh forbraíonn aonad mór iomlánaithe (an inchinn). I mamaigh roinntear an néarchóras ina chuid lárnach is a chuid fhorimeallach, an dá chuid ag feidhmiú le chéile mar aonad feidhmithe. Sa chuid lárnach atá an inchinn is corda an dromlaigh, agus gach fochuid eile sa chuid fhorimeallach. I measc neamhoird, galair is ionfhabhtuithe an néarchórais tá an néarailge, an phairilis, na galair prión, agus an teiteanas.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNéarchóras
Sonraí
Laidinsystema nervosum
Cuid decóras néarshoithíoch
Aitheantóirí
MeSHD009420
TAA14.0.00.000
FMA7157 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/nervous-system
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Néarchóras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.