Struchtúr le himlínte glana sféarúla, taobh istigh den núicléas de ghnáth, i gcill a fheidhmíonn mar láthair bhunús na ribeasóm. Is é atá ann ná snáithíní pacáilte go dlúth agus gráinní is an-chuid RNA is próitéine ann.[1]

Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Núicleólas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.