Is é Naomh Pól (timpeall 10 - timpeall 67) duine de na haspail is cáiliúla agus is tábhachtaí i stair na Críostaíochta. Murarbh ionann agus na haspail eile ní raibh aithne phearsanta aige ar Íosa Críost. Níor chreid sé i scéal Íosa go dtí lá amháin nuair a chonaic sé aisling d'Íosa aiséirithe agus é ar an bhealach go dtí an Damaisc. Ceiliúrtar Tiontú Naomh Pól ar an 25 Eanáir.

Infotaula de personaNaomh Pól

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Παῦλος
(he) שאול‎
Beathaisnéis
Breith(he) שאול התרסי
c. 5
Tarsus (Impireacht na Róimhe)
BásLúnasa 64 ↔ 67
60/61 bliana d'aois
An Róimh (Impireacht na Róimhe)
Siocair bháisPionós an bháis (Dícheannadh)
An Dá Aspal Déag
44 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnFairisínigh agus An Chríostaíocht
Áit chónaitheTarsus
Iarúsailéim
An Damaisc
Aintíoch
Salamis (en) Aistrigh
Paphos
Antioch of Pisidia (en) Aistrigh
Konya
Liostra
Derbe (en) Aistrigh
Alexandria Troas (en) Aistrigh
Philippi (en) Aistrigh
Teasaloinicé
Veroia (en) Aistrigh
an Aithin
An Choraint
Eifeasas
Miléatas
An Tuír
Acre (en) Aistrigh
Caesarea Maritima (en) Aistrigh
Siodón
Míora
Kaloi Limenes (en) Aistrigh
Sioracús, an tSicil
An Róimh
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, raibí, taistealaí, duine rialta, diagaire, misinéir, ceardaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
Mac/iníon léinn de chuidGamailiéil
Mac/iníon léinnLidia ó Thíaitíora
Faoi thionchar
TeangachaAn tSean-Ghréigis, An Eabhrais, An Ghréigis choitianta agus an Laidin
Ardú
Lá féile12 Iúil
10 Feabhra
25 Eanáir
18 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail íocónagrafachFéasóg, ionar, cóta, claíomh, capall agus eabhar eilifinte
Saothar
Saothar suntasach
Croineolaíocht
conversion of Paul the Apostle (en) Aistrigh
Incident at Antioch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 587cd652-6b65-4305-ac2b-1d6b0dc9ad70 Discogs: 613443 Find a Grave: 19907 Cuir in eagar ar Wikidata
Naomh Pól ó Tarsas - Dealbh ar San Pietro na Vatacáine.

Tá tionchar ollmhór aige ar Thiomna Nua an Bhíobla toisc an méid scríbhneoireachta a rinne sé agus is féidir léargas a fháil ar an gCríostaíocht i dtús a réimse óna chuid litreacha. Tá ceithre litir déag againn scríofa aige agus is dóichí gurb iad siúd na cinn is sine. Luaitear trí thuras Naomh Pól i nGníomhartha na nAspal freisin.

Tá formhór na litreacha seo scríofa chuig séipéil timpeall na Gréige, na hÁise Bige agus na Róimhe, agus iad lán de chomhairle faoin gcaoi chun saol Críostaí a bheith ag duine agus céard a bhí i soiscéal Íosa.

Saol cuir in eagar

Rugadh é i dTarsas, baile i gcríocha na hÁise Bige (na Tuirce an lae inniu). Admhaíonn Naomh Pól féin gur chaith sé anuas ar Chríostaithe agus é óg, agus go raibh sé i láthair nuair a rinneadh mairtíreach de Naomh Stiofáin. Ach lá amháin agus é ar a bhealach go dtí an Damaisc, tháinig Íosa chuige in aisling agus d'impigh sé ar Phól a shaol a athrú. I ndiaidh na heachtra seo bhí Pól dall go dtí gur bhaist Ananias é. Ó shin ar aghaidh thug Pól faoi theachtaireacht Íosa Críost a scaipeadh.

Ina dhiaidh sin thaistil sé ar fud na háite ag múineadh an tsoiscéil. D'fhill sé lá ar Iarúsailéim, agus cé gur lig na Giúdaigh dó fanacht ansin ar dtús, tháinig fearg ar ghrúpa mór a bhí réidh lena chur chun báis. Ach shábháil saighdiúir Rómhánach é. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é.

Níl sé iomlán cinnte céard a tharla dó ina dhiaidh sin. De réir Eusebius ó Chaesarea (sa 4ú haois) cuireadh chun báis é faoi riail an Impire Nearó. Tá traidisiún ann go bhfuair Naomh Pól bás ar an lá cheanna agus Naomh Peadar (29 Meitheamh) sa bhliain 64 nó 67.

De réir chuntais eile. chuaigh sé go dtí an Spáinn agus is féidir go ndeachaigh sé go dtí an Ghréig agus an Áis Bheag. Pé scéal é, is cosúil gur gabhadh é, agus gur cuireadh chun báis é sa Róimh.

Tagairtí cuir in eagar