Géinte a iompraíonn an X-chrómasóm is an Y-chromasóm agus na tréithe a rialaíonn siad. Tugtar X-nasc air freisin. I mamaigh, bíonn dhá X-chrómasóm ag an mbaineannach, agus X-chrómasóm is Y-chrómasóm ag an bhfireannach. Tarchuireann bean X-chrómasóm chuig a mac nó a hiníon, agus tarchuireann fear X-chrómasóm chuig a iníon amháin. Gné shainiúil d'oidhreacht X-nasctha is ea neamhláithreacht aon tarchur ó fhireannach go fireannach. An chuid is mó de na galair X-nasctha i ndaoine, faightear le hoidhreacht chúlaitheach iad, agus cuireann siad isteach ar na fireannaigh amháin (mar a tharlaíonn le haemifile is diostróife mhatánach Duchenne). Is beag géin fheidhmeach atá ar an Y-chrómasóm sa duine, agus mar sin glactar leis go bhfuil na téarmaí ‘nasc gnéasach’ is ‘X-nascadh’ ar comhchiall.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Nascáil ghnéasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 477.