Neamhord forbartha teanga

Cuireann Neamhord Forbartha Teanga (NFT) isteach ar chumas leanaí teanga a thuiscint agus a úsáid go sóisialta.[1] agus cuireann sé isteach ar fhorás acadúil an duine óig [2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarNeamhord forbartha teanga
Cineálneamhord teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Buaileann sésealbhú teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10F80.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD007805 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0023014 Cuir in eagar ar Wikidata
léaráid Venn - urlabhra agus caint

Míniú cuir in eagar

Tá riachtanais mhóra teanga, urlabhra agus tuisceana ag gach duine óg.  Téann roinnt leanaí chun cinn go gasta ach bíonn cúnamh sa bhreis ag teastáil ó roinnt eile. Tá leanaí a bhfuil NFT ag dul dóibh sa dara grúpa seo. Ach ní bhaineann NFT le neamhoird eile, ná le heaspa cumais intleachtúil. Mar sin, go minic ní bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil an neamhord seo ar leanaí.

Baineann na fadhbanna is coitianta ar na gairis seo leː graiméar, séimeantaic, an fhadhb "ar bharr do theanga"[3], pragmataic, dioscúrsa, cuimhne bhriathartha, foghareolaíocht, srl.

Ilteangachas cuir in eagar

Ní le haonteangóirí amháin a bhaineann an neamhord.[4] Bíonn sé ag dul do leanaí ilteangacha ina gcuid teangacha ar fad freisin. Ní bhaineann NFT le teanga amháin a bheith níos deacra ná teanga eile. "Is cuma cé mhéad teanga atá ag páiste; tá NFT le sonrú ina chuid teangacha ar fad."[5] Ní bhaineann NFT le easpa cumais intleachtúil, le neamhord de chuid speictream an uathachais (ASD) ná le aon neamhord eile.

Feachtas agus cóir cuir in eagar

Airítear NFT a bheith ar 7% de leanaí an domhain. Cé gur mór an méid é sin, níl NFT i mbéal an phobail.

Is le déanaí a tugadh aitheantas idirnáisiúnta don NFT. Tháinig radld.org Curtha i gcartlann 2020-10-17 ar an Wayback Machine ar an bhfód sa bhliain 2017.  Ceiliúrtar anois Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Neamhord Forbartha Teanga i mí Dheireadh Fómhair.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Caoimhe Ní Laighin (2020-10-16). "Aird idirnáisiúnta inniu ar Neamhord Forbartha Teanga" (as ga). 
  2. RADLD. "RADLD - Raising Awareness of Developmental Language Disorder" (en). RADLD. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-18. Dáta rochtana: 2020-10-17.
  3. "Tip of the tongue" (as en) (2020-06-27). Wikipedia. 
  4. Nuacht TG4 (16 D.F. 2020). "FÍSEÁNː Aird idirnáisiúnta inniu ar Neamhord Forbartha Teanga" (as ga) Facebook. 
  5. Professor Courtenay Norbury (2017). "Developmental Language Disorder: The most common childhood condition you've never heard of | Psychology | The Guardian". theguardian.com. Dáta rochtana: 2020-10-17.