Séard is neartú bia ann ná próiseas ina gcuirtear cothaitheach breise le bia ar leith. Mar shampla, neartaíonn na déantúsóirí gránbharra bricfeasta le hiarann. Cuirtear iallach ar dhéantúsóirí margairín vitimíní A is D a chur leis. Baineann rialtais feidhm as neartú bia chun cothaitheach áirithe a mhéadú ar mhaithe le sláinte an phobail. Déanann salann íodaithe (iadaín, I, curtha leis) cinnte de gur annamh a tharlaíonn ainglis (galar easpa iadaín) anois.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Neartú bia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.