Neilí Ní Bhriain

péintéir Éireannach agus gníomhaí ar son na Gaeilge

Péintéir miondealbh agus tírdhreacha Éireannach, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ba ea Neilí Ní Bhriain (nó Ellen Lucy O'Brien; 4 Meitheamh 1864 – 1 Aibreán 1925).[1]

Infotaula de personaNeilí Ní Bhriain
Beathaisnéis
Breith4 Meitheamh 1864
Contae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Aibreán 1925
60 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínDiarmaid Ó Briain agus Lucy Cane

Saol agus teaghlach cuir in eagar

Rugadh Neilí Ní Bhriain ar an 4 Meitheamh 1864, i gCathair Maothail, Contae Luimnigh. Ba í an leanbh ba shine le Edward William O’Brien agus Mary O’Brien (née Spring Rice).[1] Bhí deirfiúr amháin aici, Lucy, agus deartháir amháin, Dermod, a bhí ina ealaíontóir freisin. Úinéir talún ba ea a hathair, agus ba dhealbhóir agus péintéir í a máthair, deirfiúr le Thomas Spring Rice. Ba é William Smith O'Brien, an náisiúnaí mór le rá, athair a hathar.[2][3] Chaith Ní Bhriain dhá bhliain ina cónaí ar Rivéara na Fraince nuair a bhí sí an-óg, ó 1866 go 1868. Fuair a máthair bás ina dhiaidh sin den eitinn, agus ba í a haintín, an scríbhneoir agus náisiúnaí Charlotte Grace O'Brien, a thóg an triúr leanaí. Phós a n-athair arís in 1880, agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige lena bhean chéile nua, Julia Marshall. D’fhreastail O’Brien ar scoil i Sasana ó 1879 i leith, agus níos déanaí rinne sí staidéar ar phéintéireacht i Scoil Ealaíne Slade. Chuir a deartháir in aithne do Walter Osborne í, agus dúirt sí go raibh siad i gcleamhnas le chéile, ach fuair Osborne bás i 1903. Phéinteáil Osborne portráid de Neilí atá anois i nGailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath. Fuair Ní Bhriain bás go tobann ar an 1 Aibreán 1925 agus í ar cuairt ar Dermod ag 66 Elm Park Gardens, Londain. Tá sí curtha i reilig an teaghlaigh i gCathair Maothail.[1]

Obair ealaíne cuir in eagar

Nuair a d’fhill Ní Bhriain ar Éirinn, thosaigh sé ag péinteáil miondealbh ar eabhar le gloine formhéadúcháin. Phéinteáil sí tírdhreacha uiscedhatha freisin. Chuir sí trí shaothar ar taispeáint ag an Acadamh Ibeirneach Ríoga in 1896, an chéad taispeántas poiblí a bhí aici. Bhí taispeántais eile aici san Acadamh anois is arís go dtí an bhliain 1922. Mar chuid de thaispeántas de phéintéirí Éireannacha, chuir sí roinnt mionphortráidí ar taispeáint ag an Guildhall i Londain in 1904. Bhí saothar péintéireachta dá cuid ar taispeáint ag Oireachtas na Gaeilge in 1906 freisin. Phéinteáil sí go leor portráidí thar na blianta, ina measc ceann de William Smith O'Brien, agus ceann eile de Dhubhghlas de hÍde.

Conradh na Gaeilge cuir in eagar

Bhí Ní Bhriain ina ball de Chonradh na Gaeilge, agus bhí sí i láthair ag an chéad Oireachtais in 1897. Bhunaigh sí Craobh na gCúig gCúigí, agus chruinníodh ballraíocht na craoibhe ina hárasán ag 7 Faiche Stiabhna gach oíche Shathairn in 1907.[1] In 1905, scríobh sí litir fhada sa Church of Ireland Gazette ag cosaint Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge. In 1911, bhunaigh sí Coláiste Eoghain Uí Chomhraí, coláiste samhraidh Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh, Contae an Chláir, a ainmníodh in ómós d'Eoghan Ó Comhraí.[4] Ceann de na móraidhmeanna a bhí aici ná eaglais náisiúnta a chruthú in Éirinn a d’aontódh Protastúnaigh agus Caitlicigh trí Ghaeilge. Chun na críche sin, bhunaigh sí Cumann Gaeilge na hEaglaise le Seoirse de Rút in 1914, grúpa do bhaill d'Eaglais na hÉireann a bhí tiomanta do “Éire Ghaelach”. In 1914 agus 1915, thug Ní Bhriain cuairt ar na Stáit Aontaithe in éineacht le Fionán Mac Coluim chun airgead a bhailiú agus chun ealaín agus tionscail na hÉireann a chur chun cinn.[1] I gColáiste Eoghain Uí Chomhraí, chuir Ní Bhriain béim ar thábhacht na Gaeilge sa bhaile, agus ról na mban tí i gcur chun cinn na teanga agus chultúr na nGael.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Doyle, Caramel (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. Kenny, Peter. “Papers of the Family of O'Brien of Cahirmoyle, Co. Limerick”. National Library of Ireland. Dáta rochtana: 6 August 2015.
  3. Edward William O'Brien”. The Peerage. Dáta rochtana: 6 August 2015.
  4. Bunbury, Turtle. “Mary Spring Rice (1880–1924)”. Turtle Bunbury. Dáta rochtana: 6 Lúnasa 2015.
  5. MacPherson, D. A. J. (2012). "Women and the Irish Nation: Gender, Culture and Irish Identity, 1890–1914": 87–124. Londain: Palgrave Macmillan. ISBN 9780230294370.