New Bedford, Massachusetts

Is cathair de chuid stát Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá, í New Bedford. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, tá 95,115 duine ina gcónaí sa chathair. Tá New Bedford suite i gContae Bristol. Tá Jonathan F. Mitchell ina mhéara.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNew Bedford, Massachusetts
New Bedford (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°38′10″N 70°56′05″W / 41.6361°N 70.9347°W / 41.6361; -70.9347
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheMassachusetts
County of Massachusetts (en) AistrighContae Bristol, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán101,079 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,617.28 hab./km²
Líon na dteaghlach39,059 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMassachusetts House of Representatives' 9th Bristol district (en) Aistrigh
Massachusetts House of Representatives' 13th Bristol district (en) Aistrigh
Massachusetts House of Representatives' 11th Bristol district (en) Aistrigh
Massachusetts House of Representatives' 10th Bristol district (en) Aistrigh
Massachusetts Senate's Second Bristol and Plymouth district (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla62.49944 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce17.134 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1640
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJonathan F. Mitchell (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinnewbedford-ma.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Indiaigh den phobal Whampanoag a bhí ina chónaí nuair a tháinig na chéad Eorpaigh go dtí an áit ina bhfuil New Bedford inniu. Chuir siad fúthu sa bhliain 1640 i ndiaidh dóibhsean agus do na hIndiaigh conradh a shíniú. Níl sé soiléir ar thuig an dá dhrong téarmaí an chonartha ar an bhealach céanna. Ní bhíodh úinéireacht talaimh mar nós ag na Whampanoag agus b'fhéidir nach raibh i gceist leosan ach úsáid an talaimh a ghéilleadh ar feadh tréimhse. D'fhan na hEorpaigh, pé ar bith scéal é, agus bhain Bedford Village stádas amach mar bhaile mór sa bhliain 1787 faoin ainm New Bedford.

Sasanaigh, Albanaigh, agus Breatnaigh a lonnaigh i New Bedford ar dtús. D'éirigh an baile tábhachtach dóibh siúd a bhí páirteach i seilg na míolta móra. Chuaigh roinnt mhaith Éireannach a chónaí ann ag tosnú go luath san 19ú haois; ansin chuaigh na Portaingéalaigh agus frainciseoirí ó Cheanada, a bparóiste Caitliceach féin ag gach dream acu. D'fhás pobal gorm agus pobal beag Giúdach ann freisin. Inniu tá an pobal Portaingéalach is mó sna Stáit Aontaithe san limistéir ina bhfuil New Bedford agus na bailte máguaird.

 
Sráid Purchase i New Bedford. Carta phoist, t. 1906

Comhchathracha cuir in eagar


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar